YouVersion Logo
Search Icon

II Ccorintiánaċ 1

1
Caibidil I
Naċ ḃfuil tríobloid ar biṫ gan ċáil sóluis leis;
1Pol, absdal Iósa Críosd tré ṫoil Dé, agus an dearḃráṫair Timotéus, ċum eagluisi Dé noċ atá a Gcorintus, maille ris na huile náoṁuiḃ atá ar feaḋ na Haċaía: 2Grása maille riḃ agus síoṫċain ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtiġearna Iósa Críosd.
3Glóir agus molaḋ do Ḋía, eaḋon Aṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd, Aṫair na trócaire, agus Día na huilé ḟurtaċda; 4Do ḃeir furtaċd dúinn ann ar nuile ṫriublóid, ionnus go dtiucfaḋ ḋínn coṁḟurtaċd do ṫaḃairt don druing ar a mbí buáiḋreaḋ ar ḃiṫ, trés an gcoṁḟurtaċd ré a ḃfaġmaóid féin furtaċd ó Ḋía. 5Oír aṁuil mar líonus páis Ċríosd ionnuinn, as aṁluiḋ sin líonus ar ḃfurtaċd mar an gcéadna tré Ċríosd. 6Agus más buáiḋirt dúinn, ar son ḃur gcoṁḟurtaċdasa agus ḃur slánuiġe, noċ más furtaċd duinn, ar son ḃur gcoṁḟurtaċdasa agus ḃur slánuiġe, oibriġṫear ionnuiḃ a ḃfulang a náṁgair ċéudna ḟuilngemid féin. 7Agus atá meiniġin ḋaingean aguinn asuiḃsi, do ḃríġ go ḃfuil a ḟios aguinn, mar do ġeiḃ siḃ ḃur gcuid don nanṡóġ, go ḃfuiġe siḃ ḃur gcuid don tsóġ mar an gcéudna. 8Oír ní háil linn, ainḃfeas do ḃeiṫ aruiḃ, a ḋearḃráiṫre, a dtáoḃ na buáiḋearṫa ṫárrla ḋúinn sa Násia, eaḋon, gur brúġaḋ tar ṁóġ sinn, ós cionn ar neirt, ionnus go raiḃ aṁarus aguinn fós air a ḃeiṫ béo: 9Aċd do ḃreaṫbuiġeamar ionainn féin go raḃamar fá ḃreiṫ an ḃáis, ionnus naċ asuinn féin do ḃíaḋ muiniġin aguinn, aċd as Día ḋúisiġeas na mairḃ: 10Noċ do ṡáor sinn ó na ċoṁór sin do ḃás, agus ṡáorus sinn: as a ḃfuil ar ndóiġ go sáorfuiḋe sé sinn fós mar an gcéudna; 11Ar mbeiṫ ḋíḃse ag cóṁċúngnaṁ ré ċéile a núrnuiġe air ar son, ionnus go ttiuḃraḋ mórán buiḋeaċus air ar soinne do ḃriġ an tioḋlaice fúaramar air son ṁóráin dáoiniḃ.
12Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi. 13Oír ní néiṫe eile sgrioḃamaóid ċugaiḃ, aċd na neiṫe léiġeas siḃ nó fós aga ḃfuil a ḃfios dearḃṫa aguiḃ; agus atá suil agam go mbiáiḋ siḃ déiṁneaċ asda go dteaċd don ċriċ ḋéiġeanuiḋ. 14Aṁuil do adṁuiġ siḃ a gcáíl, gur sinne ḃur ngáirdeaċas, mar as siḃse ar ngáirdeaċaisne a ló an Tiġearna Iósa.
15Agus ris an dóṫċassa bá mían riom teaċd ċugaiḃ roiṁe so, ionnus go ḃfuiġeaḋ siḃ grása dúbaltá; 16Agus gaḃáil uaiḃse go Macedónia, agus teaċd a rís ó Ṁacedonia ċugaiḃ, agus siḃse do ṫeaċd riom dom ṡéolaḋ go tír Iúdaiġe. 17Uime sin ar na cur so roṁam ḋaṁ, an raiḃ éadruinne oram? no an do réir na féola ċuirim roṁam, na neiṫe ċuirim roṁam, ionnus go mbíaḋ aseaḋ aseaḋ, agus ní heaḋ ní heaḋ agum? 18Aċd mar atá Día fírinneaċ, níor ḃé ar ccoṁráḋ riḃse aseaḋ agus ní heaḋ. 19Oír Mac Dé, Iósa Críosd, noċ do rinneamairne ṡeanmóir eadruiḃse, misi agus Silḃánus agus Timóteus, níor ḃa aseaḋ agus ní heaḋ é, aċd a seaḋ do ḃí annsan. 20Oír geallaṁna Dé go huiliḋe. A seaḋ annsan íad, agus Amén annsan, ċum glóire Dé ḋar dtáoiḃne. 21Agus a sé Día, ḋaingniġeas sinne maille riḃse a Gcríosd, agus do ung sinn; 22Noċ fós do ċuir séula oruinn, agus tug coṁarṫa daingniġṫe na Sbioruide ann ar gcroiḋṫiḃ.
23Agus goirim Día dfiḋnuisi a naġuiḋ manma, gur do ġaḃáil aguiḃse naċ dtáinic mé fós go Corintus. 24Ní hé gur tiġearnuiḋe sinn ar ḃur gcreideaṁsa, aċd luċd cungnanta sinn do ḃur ngáirdeaċas: oír is tré ċreideaṁ ṡeasus siḃ.

Currently Selected:

II Ccorintiánaċ 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in