YouVersion Logo
Search Icon

I Ccorintiánaċ 16

16
Caibidil XVI
Tar eis brosduġaḋ ċum dáonnaċd, 16 ċuir sebéaṫa agus slainte ċum na mbraṫar.
1Tuilleaḋ eile a dtáoḃ an ċruinniġe fá ċoṁair na náoṁ, do réír mar do órduiġ mé deagluisiḃ na Galátia, déunaiḋsi fós mar an gcéudna. 2Gan éun ċéud don tseaċdṁuin cuireaḋ gaċ áon aguiḃ air leiṫ leis féin, do réir mar do ċuir Día sonas air, ionnus naċ mbiáiḋ tionól ré ḋéunaṁ ar dteaċd daṁsa. 3Agus ar dteaċd daṁ, giḋ bé ar biṫ dream ṁolfas siḃse ré ḃur litreaċuiḃ, cuirfiḋ mé íad do ḃreiṫ ḃur ccarṫannaċd go Hiarusalém. 4Agus más iomċuḃaiḋ fós mé féin imṫeaċd, raċuid síadsan am ċuideaċda.
5Agus géuḃuiḋ mé ċugaiḃsi, tar éis mé dul tre Ṁácedónia: (oír géuḃuiḋ mé tré Ṁacedónia.) 6Agus dob éidir go ḃfanfuinn, nó fós, go ccaiṫfinn an geiṁreaḋ ḃur ḃfoċairsi, ionnus go raċaḋ siḃ tamall do ṡliġe leam giḋ bé áit a raċaiḋ mé. 7Oír ní mían ríom dul ḃur ḃféaċain a nois don dúlsa; giḋeaḋ atá súil agum fuireaċ ḃur bfoċair feaḋ tamuill, do ċead an Tiġearna. 8Agus do ḋéuna mé cóṁnuiḋe a Neṗesus go Cingcís. 9Oír do hosglaḋ dorus mór éifeaċdaċ ḋaṁ, agus naiṁde iomḋa.
10Agus dá dtigiḋ Timotéus, tugaiḋ aire riḃ go mbiáiḋ sé gan eagla ḃur ḃfoċair: óir sáoṫruiḋe sé a nobair an Tiġearna, aṁuil do nímse. 11Uime sin ná tugaḋ éanduine neiṁċion air: aċd tréoruiḋe uáiḃ a sioṫċáin é, ċum teaċd ċugamsa ḋó: óir atá súil agum ris maill ris na dearḃraiṫriḃ.
12Agus a dtáoḃ ar ndearḃráṫar Apollós, do ṡir mé go diṫċeallaċ air teaċd ċugaiḃse maille ris na dearḃráiṫriḃ, aċd ni raiḃ a aigneaḋ ar éanċor ré ṫeaċd a nuáirse; giḋeaḋ tiucfuiḋ sé an tan ġéuḃus sé an iomċuḃaiḋ.
13Déunaiḋ faire, seasaiḋ go daingion sa gcreideaṁ, bíġiḋ fearrġa, bíġiḋ láidir. 14Déanaiḋ na huile neiṫe maillé ré gráḋ.
15Agus íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ḋearḃráiṫre, (ós aiṫniḋ ḋíḃ muinntir ṫiġe Steaṗáin, gurab íad céadṫoraḋ na Haċaía, agus go dtugadar íad féin do ḋéanaṁ miniosdralaċd do na náoṁuiḃ.) 16Bíḋiḋse fós úṁal da leiṫid sin, agus dá gaċ áon do ní obair, agus sáoṫar maill rinn. 17Agus atá lúaṫġáire oram tré ṫeaċd Steaṗáin agus Ḟortunátuis, agus Aċaicuis: do ḃríġ go ndearnadar ḃur nionadsa ḋaṁ. 18Oír tugadar furtaċd dom sbioruidse agus do ḃur sbioruidsi: uime sin bioḋ meas aguiḃ ar a saṁuil sin.
19Cuirid eagluisiḋe na Hásia beaṫa agus sláinte ċugaiḃ. Cuirid Acuila agus Priscilla maille ris a neagluis atá ann a dtiġ, beaṫa agus sláinte go dúṫraċtaċ sa Dtiġearna ċugaiḃ. 20Cuirid na dearḃraiṫre uile beaṫa agus sláinte ċugaiḃ. Teannuiḋ féin ré ċeile maille ré póig náoṁṫa.
21Beaṫa agus sláinte uáimse Pól ré mo láiṁ féín ċugaiḃ. 22Giḋ bé naċ graḋuiġeann an Tiġearna Iósa Críosd, bíoḋ sé malluiġṫe óir atá an Tiġearna air na ṫeaċt. 23Grása ar Tiġearna Iósa Criósd maille riḃ. 24Mo ġráḋsa maille riḃ uile a Níosa Críosd. Amen.

Currently Selected:

I Ccorintiánaċ 16: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in