YouVersion Logo
Search Icon

I Timóteuis 1

1
Caibidil I
Teagasg mioṫarḃaċ do ṡeaċna; 15 agus aḋḃar ṫeaċd Críosd don tsáoġail, do ṡeanmóruġaḋ.
1Pol, absdal Iósa Críosd do réir órduiġ Dé ar Slánaiġṫeóir, agus an Tíġearna Iósa Críosd, ar muiniġin; 2Ċum Timotéus, mo ṁac gráḋaċ sa gcreideaṁ: Grása maille riot, trócaire, agus sioṫċáin ó Ḋía ar Naṫair agus o Iósa Críosd ar Dtíġearna.
3Aṁuil do ċuir mé dimpiḋe ort, cóṁnuiġe a Néṗesus, ar ndul go Macedonia ḋaṁ, ionnus go dtiúḃarṫa fógrá uáit do ḋruing áiriġe gan aṫarraċ teaguisg do ṫaḃairt úaṫa, 4Ná aire do ṫaḃairt do ċumadóireaċd sgéul ná do ṡeanċusuiḃ neiṁċríoċnuiġṫe, noċ ḃrosduiġeas ceasdanna, ní sa ṁó na follamnuġaḋ díaġa tre ċreideaṁ: 5Oír a sé as críoċ don náiṫne gráḋ ó ċróiḋe glan, agus ó ċoinnsías ṁaiṫ, agus ó ċreideaṁ neaṁḟallsa: 6Na neiṫe ó ndeaċuiḋ dream áiriġe ar seaċran agus do ḟilleadar ċum díoṁáoinis cainte; 7Bá mían ríu ḃeiṫ na ndoctúiriḃ an dliġe; agus fós ní ṫuigid créd a deirid féin, ná na neiṫe ḋeiṁniġid síad.
8Giḋeaḋ atá a ḟios aguinne gur maiṫ an dliġeaḋ, dá leanuiḋ duine go dlisdeanaċ é; 9Ar mbeiṫ a ḟios so aige, naċ do ḋuine ċeart órduiġṫear an dliġeaḋ, aċd don druing aingliġṫeaċ easúṁal, do ḋáoniḃ neaṁḋíaġa agus do ṗeacṫaċuiḃ, do ḋáoíniḃ neaṁnáoṁṫa agus neaṁġlana, do luċd fionġuile do ḋéunaṁ ar a naiṫreaċuiḃ, agus a maiṫreaċuiḃ, do luċd dúnṁarḃṫa, 10Do sdríopṫaċuiḃ, so ḋáoiniḃ míonádúrṫa, do ġaduiġiḃ dáoineaḋ, do ḋáoiniḋ bréugaċa, do luċd anéiṫiġ, agus má tá ní ar biṫ eile contrárḋa do ṫeagusg ḟalláin; 11Do réir ṡoisgéil ġlórṁair Dé ḃeannuiġṫe, do fágḃaḋ táoḃ riumsa.
12Ar a naḋḃarsin beirim buiḋeaċas ris an tí do neartuiġ mé, Iósa Críosd ar Dtíġearna, do ḃríġ gur ṁeas sé mo ḃeiṫ díleas, dom ċur sa miniosdralaċd; 13Ar mbeiṫ ḋaṁ roiṁe um ḟear laḃarṫa blaisṗéimeaḋ, agus um ġerleanadóir agus um ḋuine eugcóraċ: aċd do rinneaḋ trócaire oram, ar a naḋḃar gur tré ainḃfios do rinne mé so ar ḋíṫ creidiṁ. 14Aċd do ṁéuduiġ grása ar Dtíġearna go ro líonṁar ionnam maille ré creideaṁ agus ré gráḋ a Niósa Críosd. 15As fírinneaċ an ráḋ, agus as fíu é ar gaċ éunċor gaḃáíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoġal ċum peacṫaċ do ṡlánuġaḋ; agá ḃfuilimse um ċeann orrṫa. 16Giḋeaḋ as uime so do rinneaḋ trócaire oram, ionnus go dtaisbéunfaḋ Iósa Críosd ionnamsa ar tús a nuile ḟoíġiḋ, ċum go mbéínn um eisiompláir don druing ċreidfeas annsan ċum na beaṫa marrṫannuiġ. 17Uime sin don Rí ṡíorruiḋe, ṁarrṫannaċ, ḋoḟaicsiġ, don Día atá na áonar éagnuiḋe, go raiḃ onóir agus glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.
18Fagḃuim a náiṫnese agad, a ṁic Ṫimotéuis, do réir na ḃfaiḋeadoieaċda do rinneaḋ ort roiṁe só, troid ṁaiṫ do ḋéunaṁ ḋuit ṫríoṫa; 19Ar mbeiṫ ċreidiṁ, agus cogúis ṁaiṫ agad; noċ ar na ṫréigean do ḋruing áiriġe do luingḃriseadar fan ccreideaṁ: 20Agar ab díoḃ Himenéus agus Alecsandar; noċ tug misi uáim do Ṡatán, ionnus ar mbeiṫ ḋóiḃ smaċduiṫe go ḃfoġlamaidís gan blaisṗéime do laḃairt.

Currently Selected:

I Timóteuis 1: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in