I Timóteuis 2
2
Caibidil II
Onoir dúaċdaranuiḃ; 9 cúlaiḋ iomċudḃuiḋ, 11 agus ciuinas na mban ó ṫeagusg ċoitċionn do ṫaḃairt úaṫa.
1Uime sin teaguisgim, ṫair gaċ éinní, aṫċuinġe, guiḋe, urnuiġe, agus altuġaḋ, ar son na huile ḋáoineaḋ; 2Ar son na ríġṫeaḋ, agus ar son na nuile agá ḃfuil cúṁaċda; ċum ar mbeaṫa do ċaiṫeaṁ go sm mbeaṫa do ċaiṫeaṁ go súaiṁneaċ sioṫċánta ḋúinn a nuile ċráiḃṫeaċd agus ċneasdaċd. 3Oír is maiṫ agus is geannaṁuil so a ḃfíaḋnuise Dé ar Slánaiġṫeóir; 4Ré ar mían na huile ḋáoine ṡáoraḋ, agus íad ṫeaċd ċum eólais na fírinne.
5Oír is áoin Ndía atá ann, agus áon eidirṁeaḋontóir eidir Ḋía agus ḋáoiniḃ, eaḋon an duine Iósa Críosd; 6Noċ tug é féin na ḟúasglaḋ ar son na nuile ḋáoineaḋ, mar ḟiaḋnuise a nám iomċuḃaiḋ. 7Ċum ar hórduiġeaḋ misi um ṡeanmóntuiġ, agus um absdal, (láḃruim a nfírinne a Gcríosd, ní ḋéunuim bréug); um ḟear teaguisg na Gcineaḋaċ, a gcreideaṁ agus a ḃfírinne.
8Uime sin as mían rium na fir do ḋéunaṁ úrnuiġe sa nuile áit, ag tógḃáil súas a láṁ náoṁṫa, gan ḟeirg gan aṁarus. 9Agus na mná mar an gcéudna, do ċur éuduiġ iomċúḃaiḋ iompa, maille ré haḋnáire agus ré macántus; ní ré grúaig ċasda, ná ré hór, ná ré péurlaiġiḃ, ná ré cúluiġeaċuiḃ mórluáiḋ; 10Aċd (mar is cúḃaiḋ do ṁnáiḃ ġeallus cráḃáḋ) ré deaġoibriġiḃ.
11Déunaḋ an ḃean fóġluim a gcíuinus maille ris a nuile úṁlaċd. 12Oír ní ṫuguim cead do ṁnáoi teagusg do ṫaḃairt uáiṫe, ná ceannas do ḃeiṫ aice ós cionn a nfir, aċd ḃeiṫ na tóċd. 13Oír a sé Aḋaṁ do crúṫuiġeaḋ ar tús, agus na ḋiáiġ sin Eúḃa. 14Agus ní hé Aḋaṁ do meallaḋ, aċd ar mbeiṫ don ṁnáoi ar na meallaḋ a sí bá ciontaċ ré briseaḋ na háiṫne. 15Giḋeaḋ slaineóċṫar í ré breiṫ cloinne, dá gcoṁnuiġid síad a gcreideaṁ agus a ngráḋ agus a náoṁṫaċd maille ré macántus.
Currently Selected:
I Timóteuis 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.