I Ttessalonicanaċ 2
2
Caibidil II
Sompla an ḟoir-ṫeagaisc, 13 agus na ndéaġluċd éisdeaċd.
1Oir, atá a ḟios aguiḃ féin, a ḋearḃráiṫre, nár ḋíoṁaóin ar ndul a steaċne ċuguiḃ: 2Aċd fós ar ḃfulang ḋúinn roiṁe, agus tar éis ar masluiġṫe, a Ḃfilippí, do réir mar as aiṫniġ ḋíḃse, do rinneamar dánaċd as ar Ndía féin ré soisgéul Dé do ṡeanmóruġaḋ ḋíḃse maille ré hiomad sbárna. 3Oír ní raiḃ ar dteaguísgne tré ṁealltóireaċd, ná tré neaṁġloine, ná tré ċeilg: 4Aċd aṁuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cúram an tsoisgéil do ċur oruinn, as dá réir sin laḃramaóid; ní mar ḋruing do ní toil na ndaóineaḋ, aċd toil Dé ḋearḃus ar gcroiḋṫe. 5Oír ní ḋearnamar a ríaṁ slíomadóireaċd ḃríaṫar, mar as aiṫniġ ḋíḃse, na leiṫsgéul sainte; atá Día dfíaḋnuise air: 6Agus níor íarramar glóir ó ḋaóniḃ ná uáiḃse, ná aróile: bíoḋ gur ḃféidir linn trom do léigean oruiḃse, mar absdaluiḃ Ċríosd. 7Aċd do ḃámar caóin ḃur measg, agus aṁuil do ḃíaḋ buime ag altrom a cloinne: 8Is mar sin, ar mbeiṫ ḋúinne fonnṁar ionnuiḃse, bá mían rinn ní hé aṁáin soisgéul Dé do roinn riḃ, aċd ar nanmanna féin mar an gcéudna, do ḃríġ go raḃaḃair róionṁuin ḋúinn. 9Oír as cúiṁain liḃ, a ḋearḃráiṫre, ar sáoṫairne agus ar nanṡóġ: óir ar mbeiṫ ḋúinn ag déunaṁ sáoṫair do ló agus doiḋċe, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguiḃse, do rinneamar soisgéul Dé do ṡeanmóir ḋaóiḃ. 10As fiaḋnuisiġe siḃse, agus Día créd é a náoṁṫa, agus a ċóṁṫruime agus a neaṁloċduíġe do iomċramar sinn féin eadruiḃse an drung ċreideas: 11Mar as aiṫniġ ḋíḃ cionnas do ḃímís ag teagasg agus ag furtaċd agus ag guiḋe gaċ aóin fó leiṫ aguiḃ, aṁail do ḋéunaḋ aṫair ré na ċloinn, 12Ionnus go siuḃalfaḋ siḃ go cúḃaiḋ do Ḋía, noċ do ġoireas siḃ ċum a ríoġaċda agus a ġlóire féin.
13Ar a naḋḃarsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breiṫ ḃuíḋeaċais ré Día, do ḃríġ, ar ngaḃáil ḃréiṫre Dé ċuguiḃ noċ do ċúalaḃair uáinne, gur ġaḃaḃair ċuguiḃ é ní mar ḃréiṫir ḋáonna, aċd (do réir mar atá sé go fírinneaċ) mar ḃréiṫir Dé, noċ fós oibriġeas ionnuiḃse an drung ċreideas. 14Oír a ḋearḃráiṫre, do rinneaḋ ḋíḃse, luċ leanṁana eagluiseaḋ Dé naċ átá a dtír Iúdaiġe a Níosa Críosd: do ḃríġ gur ḟulaing siḃ na neiṫe céudna ó ḃur luċd éintíre féin, aṁuil doḟuilngeadarsan ó na Iúduiġiḃ: 15Noċ fós do ċuir an Tiġearna Iósa ċum báis, agus na fáiḋe do ḃí aca féin, agus do tinne gérleanṁuin oruinne; agus naċ dtaitneann ré Día, agus atá conntrárrḋa do na huile ḋaóiniḃ: 16Ag toirmeasg oruinne laḃairt ris na Cineaḋaċuiḃ ċum a slánuiġṫe, ċum ḃeiṫ ḋóiḃ ag sirlíonaḋ a bpeacuiġiḃ: óir táinic a nfearg orrṫa go síorruiḋe.
17Agus ar mbeiṫ ḋúinne, dealuiġe riḃ a ḋearḃráiṫre, ar feaḋ tamuill ḃig a bpearsuinn, ní a gcroíḋe, as móide do rinneamar diṫċeall é ċum ḃur naiġṫe dfaicsin maille ré hiomad míana. 18Uime sin bá mían rinn teaċd ċuguiḃ, (riumsa Pól go háiriġe,) uáir no ḋó; aċd do ċuir Sátan toirmeasg oruinn. 19Oír créd í ar muiniġin, nó ar ngáirdeaċas, no ar gcoróin ġlóire? A né naċ siḃse íad a ḃfíaḋnuise ar Dtiġearna Iósa Críosd agá ṫeaċd? 20As siḃ go deiṁin ar nglóir agus ar ngáirdeaċas.
Currently Selected:
I Ttessalonicanaċ 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.