I Ttessalonicanaċ 3
3
Caibidil III
Aṫċoinġe Ṗóil, 10 arson méuduġaḋ creideaṁ ḋóiḃ.
1Ar a naḋḃarsin ó nar ḃféidir linn congṁáil oruinn ní búḋ faide, do ċonncas dúinn gur ḃindéunta ar ḃfagḃáil a Nátens ar náonar; 2Agus do ċuireamar Timotéus, ar ndearḃráṫair, agus minisdir Dé, agus ar ḃfear caḃarṫa a soisgéul Ċríosd, ċum siḃse neartuġaḋ, agus do ṫeagusg do ṫáoḃ ḃur gcréidiṁ: 3Ionnus naċ bíaḋ éunduine aguiḃ sóḃogṫa sna buáiḋearṫuiḃse: óir atá a ḟios aguiḃ féin gur hórduiġeaḋ sinn ċuige so. 4Oir go deiṁin an tan do ḃámar ḃur ḃfoċair, dinníseamar ḋíḃ roiṁ láiṁ go néireoċaḋ buáiḋirt ḋúinn; do réir mar ṫárrla, agus áta a ḟíos aguiḃse. 5Ar a naḋḃarso, ó nár ḃféidír leamsa congṁáil oram ní buḋ ḟaide, do ċuir mé eision ċuguiḃ ċum feasa ḃur gcreidiṁ dfaġáil, deagla gur ċuir an caṫuiġeóir caṫuġaḋ oruiḃ a gcás ar biṫ, agus go mbíaḋ ar sáoṫairne díoṁaóin. 6Aċd a nois go déiġeanaċ ar dteaċd do Ṫimotéus uáiḃse ċuguinne, agus ar dtáḃairt ḋéaġṫeisde ar ḃur gcreideaṁ agus ar ḃur ngráḋ ḋúinn dó, agus go ḃfuil déaġċoiṁne aguiḃ oruinn, ar mbeiṫ ḋiḃ do ṡíor fonnṁar ar sinne dfaicsin, aṁuil atámuidne fós riḃse: 7Dá ḃríġ sin, a ḋearḃráiṫre, fúaramar furtaċd ḃur dtáoḃ ann ar nuile ḃuáiḋirt agus ríaċdanas tré ḃur gcreideaṁ: 8Oír atámuidne a nois béo, dá seasuiḋ siḃse sa Dtíġearna. 9Oír créd é an buíḋeaċas as féidir linne do ṫaḃairt mar ṁalairt do Ḋía ḃur sonsa, do ḃríġ a nuile ġáirdeaċais re a ndéunmuid gairdeaċas ṫríḃse a ḃfiaḋnuise ar Ndé féin; 10Dá íarruiḋ daṫċuinġe go ro ḋiṫċiollaċ do ló agus doiḋċe ḃur naġuiḋ dfaicsin, agus uireasḃuiḋ ḃur gcreidiṁ do leasuġad?
11Agus go dtréoruiḋ Día féín eaḋon ar Naṫaír, agus ar Dtíġearna Iósa Críosd sinn, sa tslíġe ḋíriġ ċuguiḃse. 12Agus go méuduiġe an Tíġearna siḃ agus go dtuguiḋ fó deara ḋiḃ líonaḋ a ngráḋ ḋá ċéile, agus do na huile ḋaóiniḃ, do réir mar atámuidne fós díḃse: 13Ċum ḃur gcroiḋeaḋ do ḋaingniuġaḋ neimċiontaċ a náoṁṫaċd a ḃfiaḋnuisi Dé eaḋon ar Naṫar, a dteaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd maille ré na nuile náoṁuiḃ.
Currently Selected:
I Ttessalonicanaċ 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.