YouVersion Logo
Search Icon

I Ccorintiánaċ 9

9
Caibidil IX
Cumas na neasbal. 7 Beaṫuġaḋ na minisdreaḋ, 24 agus an ḃeaṫasa mar ċoiṁliong.
1A ne náċ easbal misi? a né naċ ḃfuilim sáor? a né naċ ḃfacaiḋ mé Iósa Críosd ar Dtiġearna? a né naċ siḃse mobair sa Tiġearna? 2Bíoḋ naċ easbal mé do ḋáoiniḃ eile, go dearḃṫa a seaḋ ḋáoiḃse: oír as siḃse séula mabsdaltaċda sa Tiġearna.
3A sí so mo ḟreagra don druing ċuirfeas ceisd oram, 4A né naċ ḃfuil cúṁaċd íṫe agus íḃṫe aguinne? 5A né naċ ḃfuil cúṁaċd aguinn bean, ná deirḃṡiúr, do ḃreiṫ linn fá gcuáirt, aṁáil do níd an ċuid eile do na habsdalaiḃ, agus bráiṫreaċa an Tiġearna, agus Céṗas? 6Nó an ḃfuilimse aṁáin agus Barnabas, gan ċúṁaċd aguinn ḃeiṫ sáor ó obair? 7Cía ṫéid ċum cogaiḋ uáir ar biṫ ar a ċosdús féin? cía ċúireas fíneaṁuín, agus naċ íṫeann féin dá ṫoraḋ? nó cía ḃeaṫuiġeas tréud, agus naċ blaiseann do ḃainne an tréuda? 8An mar ḋuine laḃrum na neiṫeso? a né naċ abair an reaċd na neiṫesi mar an gcéudna? 9Oír atá sgrioḃṫa a reaċd Ṁáoisi, Ná cuir ceangal ar ḃéul an daiṁ ḃriseas an tarḃar. An ḃfuil cúram daṁ ar Ḋía? 10Nó a né naċ air ar soinne go huiliḋe a déir sé so? Go deiṁin, as air ar soinne, atá sgríoḃṫa: oír as maille ré dóṫċas is cóir don treaḃaire treaḃaḋ do ḋéanaṁ; agus don ḃuáilteóir búalaḋ a muiniġin go ḃfuiġeaḋ sé tairḃe a ḋóṫċais. 11Má ṡiólċuir sinne neiṫe sbiorádalta ḋáoiḃse, an mór liḃsi sinne do ḃuáin ḃur neiṫeann sáoġaltasa? 12Má ġeiḃid dáoine eile toraḋ an ċúṁaċdasa uáiḃ, créud fá náċ ḃfuiġemisne é ní sa ṁó? Giḋeaḋ níor ċuireamar na cúṁaċdasa a ngnás; aċd iomċramáoid na huile neiṫe, ionnus naċ dtiocfaḋ ḋínn toirmeasg ar biṫ do ċur ar ṡoisgéul Ċríosd. 13A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an dream ṡaoṫruiġeas a dtimċeall na neiṫeann náoṁṫa go níṫid síad do neiṫiḃ an teampoill? agus an dream ḃíos do ġnáṫ ag friṫeólaḋ na haltóra go ḃfaġaid cuid ranna don naltóir? 14As mar an gcéudna do órdaiġ an Tiġearna don druing ḟoillsiġeas an soisgéul a mbeaṫa dfaġáil ón tsoisgéul. 15Giḋeaḋ níor ċuir misi éinní ḋíoḃ so a gnás: agus fós ní huime do sgríoḃ mé na neiṫesi, ionnus go ndéantáoi mar sin leam féin: oír do ḃfear leam bás dfaġáil, ná go ccuirfeaḋ éainneaċ mo ṁáoiṫfeaċus a neiṁḃríġ. 16Oír bíoḋ go ndeanuinn an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ, ní ḃfuil aḋḃar máoiṫfeaċuis agam: do ḃríġ go ḃfuil sé na éigean oram; agus, as trúaġ ḋaṁ, muna ndéana mé an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ! 17Oír más ó ṫoil do ním so, atá luáiḋeaċd agam: más a naḋaiġ mo ṫoile, atá fós a ċúram ar na léigean táóḃ ríom. 18Uime sin créd í mo lúaiḋeaċd? Go fírinneaċ, soisgéul Ċríosd do ṫaḃairt uáim, a naisgiḋ an tan ṡeanmóruim é, do ċum gan na cúṁaċda atá agam sa tsoisgél dísliuġaḋ.
19Oír bíoḋ go ḃfuilim sáor ó na huile ḋáoiniḃ, do rinne mé searḃḟoġantuiḋe ḋíom féin do na huile ḋáoiniḃ, ċum ní sa ṁó do gnoḋuġaḋ ḋaṁ. 20Agus do ḃí mé mar Iúduiġe do na Iúduiġiḃ, ċum na Niúduiġeaḋ do ġnoḋuġaḋ; don druing atá fáoi an reaċd, aṁuil mar ḃeinn fáoi an reaċd, ċum na druinge atá fáoi an reaċd do ġnóḋuġaḋ ḋaṁ; 21Don druing atá gan reaċd, mar do ḃéinn gan reaċd, (bíoḋ naċ ḃfuilim gan reaċd do ṫáoḃ Dé, aċd úṁal do reaċd Ċríosd,) ċum na druinge gan reaċd do ġnoḋuġaḋ ḋaṁ. 22Do ḃí mé do na dáoiniḃ anḃfann mar ḋuine anḃfann, aṁuil mar do ḃeinn meirḃ ċum na ndáoine anḃfann do ġnoḋuġaḋ ḋaṁ: Do ḃí mé sa nuile ċrúṫ do na huile ḋáoiniḃ, ċum go sáorfuinn cuid éigin ar gaċ uile ċor. 23Agus as ar son an tsoisgéil do ním so, ionnus go mbíaḋ cuid agum ḋe máráon ríḃse.
24A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, an dream ḃíos ag coiṁriḋ ré ċéile go rioṫaid uile, bíoḋ gur ab éunduine ḃeireas an geall? Go maḋ haṁluiḋ ḋéantáoisi rioṫ, ionnus go maḋ éidir liḃ gnoḋuġaḋ. 25Agus gaċ áon ċleaċdus sbáirn is measarḋa é sna huile neiṫiḃ. Agus is uime do níd síadsan sin ċum coróine truáilliġe dfaġáil; aċd inne ċum coróine neaṁṫruáilliġe. 26Uime sin as aṁluiḋ rioṫaimsi, ní mar fá ṫuáirim; as aṁluiḋ do ním sbáirn, ní mar neaċ ḃuáileas an taiéur: 27Aċd cuirim fá smaċd an ċolann, agus do ḃeirim fá uṁlaċd í: deagla ar éunċor, ar ndéunaṁ seanmóra do ḋruing eile ḋaṁ, ccuirfiḋ mé féin air ccúl.

Currently Selected:

I Ccorintiánaċ 9: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in