YouVersion Logo
Search Icon

I Ccorintiánaċ 8

8
Caibidil VIII
Gu ḃfuil ar neólas insdiúraḋ le gráḋglan.
1Tuilleaḋ eíle a dtáoḃ na neiṫeann ioḋbarṫar dioḋaluiḃ, atá a ḟios aguinn go ḃfuil éolus aguinn uile. Arduiġe an teólus inntínn ḋuine, aċd do ní an gráḋ follamnuġaḋ. 2Aċd más dóiġ ré héunduine, fios éinneiṫe do ḃeiṫ aige ní feas dó fós éinní do réir mar buḋ ċóir fios do ḃeiṫ aige. 3Aċd dá dtuguiḋ éinneaċ gráḋ do Ḋía, as eólġaċ ḋó é. 4Uime sin a dtáoḃ íṫe ḃíḋ íoḋbarṫar díoḋaluiḃ, atá a ḟios aguinn naċ ḃfuil éifeaċd ar biṫ a nioḋail, agus naċ ḃfuil Día eile ann aċd an táon Día. 5Oír bíoḋ go ḃfuilid neiṫe ann dá ngoirṫear dée, ar neaṁ agus ar talaṁ, (aṁail atáid iomad dée, agus iomad tiġearnaḋ.) 6Giḋeaḋ ní ḃfuil aguinne aċd áon Ndía aṁáin, an Taṫair, ó a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne annsan: agus éin Tiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuilid na huile neiṫe, agus sinne ṫrídsion. 7Giḋeaḋ ní ḃfuil an teólus sin ag gaċ éunduine: óir atá dream áiriġe agá ḃfuil fios na hioḋaile gus a nois iṫeas é mar ní ioḋbarṫar díoḋaluiḃ; agus ar mbeiṫ dá ccoinnsiás éugcruáiḋ salaiġṫear é. 8Aċd ní moltar sinn ar son biḋ a ḃfíaḋnuise Dé: óir dá níṫeann, ní saiḋḃride sinn é; agus muna niṫeann, ní dáiḃride sinn é. 9Giḋeaḋ tugaiḋ ḃur naire riḃ naċ mbiáiḋ an cúṁaċdasa atá aguiḃ a gcail ar biṫ na aḋḃar oilḃéime don druing atá lag. 10Oir da ḃfaiciḋ éunduine ṫusa agá ḃfuil eólas ad ṡuíḋe ar ḃórd a dteampoll na nioḋal, a né naċ neirteóċar connsías an tí atá meiriḃ ċum na neiṫeann ioḋbarṫar dioḋaluiḃ íṫe; 11Agus do ḃríġ heoluise an raċaiḋ an dearḃráṫair éugcruáiḋ amúġa, agá ḃfúair Críosd bás ar a ṡon? 12Agus mar sin ag peacuġaḋ ḋíḃ a naġaiḋ na ndearḃraiṫreaċ, agus ag lot a ccoinnsiáis éugcruaiḋ, do ní siḃ peacaḋ a naġaiḋ Ċríosd. 13Uime sin, dá dtugaiḋ bíaḋ aḋḃar oilḃéime dom ḋearḃráṫair, ni íosaíḋ mé feól go bráṫ, ionnus naċ dtiuḃruim aḋḃar oilḃéime dom ḋearḃráṫair.

Currently Selected:

I Ccorintiánaċ 8: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in