YouVersion Logo
Search Icon

I Ccorintiánaċ 10

10
Caibidil X
Gurab peacaḋ uaiḃreaċ, agus ioḋolaḋraḋ, fleaḋ na ndeaṁan; 21 creideaṁ agus gráḋ, bord Ċríosd.
1Tuilleaḋ eile fós, a ḋearḃraiṫreaċa, ní háill leam ḃeiṫ ḋíḃ ainḃfeasaċ, go raḃadar ar naiṫre uile fáoi an néul, agus go ndeaċadar uile ṫríd a nfairrge: 2Agus gur baisdeaḋ íad uile lé Máoisi sa néull agus sa ḃfáirrge; 3Agus gur iṫeadar uile áon ḃíaḋ aṁáin sbioradálta; 4Agus gur iḃeadar uile dáoindiġ aṁáin sbioradálta: oír do iḃeadar don Ċarruic sbioradálta do lean íad: agus dob í an Ċarruic sin Críosd. 5Aċd ní raiḃ Dia réiḋ re mórán aca: óir do sgriosaḋ íad sa ḃfásaċ.
6Atáid na neiṫesi a nois na néisiompláiriḃ aguinne, ionnus náċ bíaḋ fonn droiċneiṫe orainne, aṁail do ḃí orrṫasan fós. 7Uime sin na bíġíḋsi ḃur luċd ioḋalaḋruiġ, mar do ḃí dream acasan; aṁail atá sgríoḃṫa, Do ṡuiġ an pobal síos ċum iṫe agus iḃṫe, agus do éirġeadar na seasaṁ ċum súgarṫa. 8Agus ná déanaimne sdríopaċas, aṁuil do rinneadar cuid acasan, agus do tuiteadar a néunló trí ṁíle ḟiċiot pearsa. 9Agus ná cuireamne caṫuġaḋ ar Ċríosd, aṁuil ceadna do ċuireadar cuid acasan, agus do sgriosaḋ íad ré haiṫreaċaiḃ neiṁe. 10Agus na déunauḋsi munṁur, aṁuil do rinneadar acasan, agus do sgriosaḋ íad ris an sgriosdóir. 11Agus tárla na neíṫesi uile ḋóiḃsion ná neisiompláraiḃ: agus is ċum fógarṫa do ṫaḃairt dúinne ar a rug deireaḋ an doṁuin, do sgrioḃaḋ íad.
12Uime sin an tí ṡáoileas ḃeiṫ na ṡeasaṁ tugaḋ aire ris féin deagla go ḃfuiġeaḋ sé leagaḋ. 13Ní ṫárla caṫuġaḋ ar biṫ ḋíḃ aċd an caṫuġaḋ leanus gaċ áon: agus atá Día fírinneaċ, náċ ḃfuileóngaiḋ caṫúġaḋ do ċur oraiḃ ós cionn ḃur neirt; aċd do ḋéuna sé sliġe imṫeaċd ḋíḃ ann sa gcaṫúġaḋ, ionnus go maḋ éidir liḃ a iomċar.
14Ar a naḋḃarsin, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, seaċnaiḋ ioḋalaḋraḋ. 15Laḃruim, mar laiḃeóruinn ré dáoiniḃ tuigsionaċa; beiriḋ féin breiṫ air a ní laḃruim. 16A né naċ é cumáoin ḟola Ċríosd, cupán na mbeannaċd do níomáoidne do ḃeannuġaḋ? A né náċ é cumáoin ċoirp Ċríosd, an tarán ḃrismíd? 17Oir as áonarán agus áonċorp sinne, bíoḋ go ḃfuilmíd morán: do ḃríġ go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán. 18Taḃruiḋ aire re Hisraél do réir na feóla: a né náċ bí cuid ronna don naltóir ag an druing iṫeas na hióḋbarṫa? 19Uime sin créud a deirim? a né go ḃfuil éifeaċd sa nioḋail, nó go ḃfuil éifeaċd sa ní íoḋbarṫar dioḋaluiḃ? 20Aċd a deirim, gur do ḋiaḃlaiḃ ioḋbruid na Cineaḋaċa, na neiṫe íoḋbruid síad, agus naċ do Ḋía: agus ní háill leam cumann do ḃeiṫ aguiḃsi ris na diaḃluiḃ. 21Ní héidir liḃ cupán an Tiġearna díḃe, agus cupán na ndeaṁan: ní héidir liḃ coṁruinn ḃuird an Tiġearna dfaġáil, agus ḃuird na ndeaṁan. 22An ḃfuilmíd ag brosduġaḋ an Tiġearna ċum feirge? an treisi linne na leision?
23Atáid na huile neiṫe dlisdeanaċ ḋaṁ, giḋeaḋ ní ḃfuilid uile tarḃaċ: atáid na huile neiṫe dlisdeanaċ ḋaṁ, giḋeaḋ ní ḟollamnuiġid uile. 24Nár ab é a ní ḃeanus ris féin ṡírfeas neaċ ar biṫ, aċd síreaḋ gan áon a ní raċus a soċar da ċoṁarsuin.
25Iṫiḋ, gaċ ní reaċṫar sa margaḋ, gan ċeisd ar biṫ do ṫáoiḃ coinnsiáis. 26Oir as leis an Dtiġearna an talaṁ, gon a líonṁaireaċd. 27Agus dá dtugaiḋ éunnduine don druing atá gan ċreideaṁ, cuireaḋ ḋíḃ agus go máḋ toil liḃ dul rin; íṫiḋ gaċ ní ċurṫar ḃur ḃfíaḋnuisi, gan ċeisd ar biṫ do ċur do ṫáoḃ coinnsiáis. 28Giḋeaḋ dá nabruḋ éunnduine riḃ, Is dioḋaluiḃ do híoḋbraḋ so, ná híṫiḋ é ar son an tí do ḟiollsiġ ḋíḃ é, agus ar son coinnsiáis: oír as leis an Tiġearna an talaṁ, gon a líonṁaireaċd: 29Agus ní hé do ċoinnsiás a deirim, aċd ċoinnsías an duine eile sin: oir créud fá a ndaimeóntáoi mo ṡáoirsise ré coimmsías ḋuine eíle? 30Agus más tré ġrás ránntar riomsa é, créud fá laḃarṫar go holc oram ar son a neiṫe fá dtugam buiḋeaċas?
31Uime sin mas íṫe, nó iḃe ḋáoiḃ, nó giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, go maḋ ċum glóire Dé ḋéana siḃ na huile neiṫe. 32Ná táḃruiḋ aḋḃar oilḃéime do na Iúduiġeaḋaiḃ, ná do na Gréugaċaiḃ, ná deagluis Dé: 33Do réir már do nímse toil gaċ áoin sna huile neiṫiḃ, agus ní díarraiḋ eudála ḋaṁ féin, aċd do ṁorán, ċum a slánaiġṫe.

Currently Selected:

I Ccorintiánaċ 10: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in