I Ccorintiánaċ 7
7
Caibidil VII
Freagra na cceisde attáoḃ posaḋ, 18 Ġairm nó oifige ḋuine, 25 agus ġeanmnuiḋeaċd.
1Tuilleaḋ eile a dtáoḃ ná neiṫeann do sgríoḃ siḃ ċugam: is maiṫ dfear gan buáin ré mnáoi. 2Giḋeaḋ, do ṡeaċna sdríopaċais, bíoḋ a ḃean féin ag gaċ áoinneaċ, agus a fear féin ag gaċ éunṁnáoi. 3Tugaḋ an fear a dúalgus féin don ṁnáoi: agus an ḃean don ḟior mar an gcéudna. 4Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, aċd ag an ḃfear: agus ní ag an ḃfear atá cúmus a ċuirp féin mar an gcéudna, aċd ag an mnáoi. 5Ná meallaiḋ a ċéile, aċd aṁáin do ṫoil a ċéile air feaḋ tamuill, ċum siḃ féin do ṫaḃairt do ṫrosgaḋ agus dúrnaiġe; agus a rís taguiḋ a gceann a ċéile, deagla go gcuirfeaḋ Satán caṫuġaḋ oraiḃ tre ḃur neaṁġeanmnuiḋeaċd. 6Aċd is mar ċoṁairle a deirim so riḃ, agus ní mar áiṫne. 7Oír do bfearr leam go mbíaḋ na huile ḋáoine mar mé féin. Giḋeaḋ atá a ṫioḋlacaḋ féin ag gaċ éunduine ó Ḋía, ag neaċ mar so, agus ag neaċ eile mar súd.
8Uime sin a deirim ris an druing naċ ḃfuil pósda, agus ris na baintreaḃaċaiḃ, Gur maiṫ ḋóiḃ má ḟanuid síad mar ḟanuimse. 9Giḋeaḋ muna féidir ríu íad féin do ċongṁáil geanmnuiḋ, pósaḋ síad: óir as fearr pósaḋ ná ḃeiṫ ar lasaḋ. 10Aċd áiṫniġim don druing atá pósda, bíoḋ naċ misi, aċd an Tiġearna, Gan an ḃean do ḋealuġaḋ ré na fear. 11Aċd má ḋealuiġeann sí ris ḟanaḋ sí gan ṗósaḋ, nó bíoḋ sí réiḋ ré na fear: agus ná ligeaḋ an fear a ḃean. 12Aċd a deirimsi re cáċ, agus ní he an Tiġearna: Dá raiḃ nean gan ċreideaṁ ag dearḃráṫair ar biṫ, agus go dtig a háonta ar ḟuireaċ na ḟoċair, ná cúireaḋ úaḋ í. 13Agus an ḃean agá ḃfuil fear gan ċreideaṁ, agus go dtig a áonta ar ḟuireaċ na foċair, na cuireaḋ sise uáiṫe é. 14Oír atá an fear gan ċreideaṁ, ar na náoṁaḋ sa mnáoi, agus atá an ḃean gan ċreideaṁ ar na náoṁaḋ san ḃfear: nó do ḃíaḋ gan aṁarus ḃur gclannsa neaṁġlan: aċd a nois atáid síad náoṁṫa. 15Giḋeaḋ dá ndealuiġe an duine gan ċreideaṁ é féin, bíoḋ sé dealuiġṫe. Ní ḃfuil dearḃráṫair, nó deirḃṡíur fá ḋáoirse ann a leíṫid so do ċás: aċd is ċum sioṫċána do ġoir Día sinn. 16Oír gá fios duit, a ḃean, naċ sláinneoċṫá an fear? nó gá fios duit, a ḟir, naċ slainneoċṫa an ḃean?
17Aċd do réir mar do roinn Día a ṫioḋlaice ré gaċ éunduine, do réir na gárma tug an Tiġearna dá gaċ áon, go maḋ haṁluiḋ sin ṡiuḃalfus sé. Agus is mar sin órduiġimse sna huile eagluisiḃ. 18An ḃfuil éinneaċ ar na ġairm ar mbeiṫ ḋó timċillġéarrṫa: ná híarraḋ sé a ḃeiṫ neiṁṫimċillġearrṫa. An ḃfuil éinneaċ ar na ġairm gan ḃeiṫ ḋó timċillġéarrṫa: na timċillġearrṫar é. 19Ní ḃfuil éifeaċd sa timċillġearraḋ, agus ní ḟuil éifeaċd sá neiṁṫimċillġearraḋ, aċd a gcoiṁéud aiṫeantaḋ Dé. 20Fanaḋ gaċ áon sa ngairm ionar goireaḋ é. 21Nar goireaḋ ṫú ad ṡearḃḟoġantuiḋe? ná bíoḋ suim agad ann: giḋeáḋ más féidir leaċd ḃeiṫ sáor, go maḋ hé sin do roġa. 22Oír an tí atá ar na ġairm sa Dtiġearna, na ṡearḃḟoġantuiḋe, is duine sáor é don Tiġearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ġairm, ar mbeiṫ ḋó sáor, as searḃḟoġantuiḋe do Ċríosd é. 23Do ceannċaḋ siḃ ar lúaċ; ná bíġiḋ ḃur séirḃíseaċuiḃ do ḋáoiniḃ. 24A ḋeárḃráiṫreaċa, fanaḋ gaċ aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.
25Aċd a dtáoḃ na maiġdean ní ḃfuil áiṫne an Tiġearna agam: giḋeaḋ do ḃeirim coṁairle, mar neaċ fuáir trócaire ón Dtiġearna ré ḃeiṫ díleas.
26Uime sin sáoilim gur maiṫ so ar son an riaċdanuis atá do laṫair, óir is maiṫ do ḋuine ḃeiṫ mar sin. 27An ḃfuil tú ceangailte do ṁnáoi? na híarr dealaḋ ría. An ḃfuil tu sgáoilti ó ṁnáoi? ná hiarr bean. 28Aċd fós ma ṗósann tú, ní ḃfuil peacaḋ ḋuint ann; agus má ṗósann maiġdean, ní ḃfuil peacaḋ ḋi ann. Giḋeaḋ do ġeuḃaid a leiṫid so buáiḋirt do ṫáóḃ na feóla: aċd atáimse da ḃur ccoigilt. 29As uime a deirim so, a ḋearḃraiṫreaċa, do ḃríġ na haimsire do ḃeiṫ aiṫġearr: ionnus go mbíaḋ an drung agá ḃfuilid mná mar naċ bíaḋ mná acá; 30Agus an dream do ní cáoi, mar ḋruing naċ déún cáoi; agus an dream do ní gáirdeaċus, mar luċd naċ dein gáirdeaċus; agus an dream ċeannċus, mar ḋáóiniḃ gan sealḃ aca; 31Agus an dream ċaiṫeas an sáoġalsa, mar ḋruing naċ ccaiṫeann é: óir imṫiġ sgéiṁ an tsáoġailse ṫart. 32Agus bá mian leam siḃse do ḃeiṫ gan roċúram. An té naċ bí pósda, bí ouram na néiṫeann ḃeanus ris an Tiġearna air, cionnus buḋ ḟéidir ris toil an Tiġearna do ḋéunaṁ: 33Aċd an té ḃíos pósda bí cúram na neiṫeann sáoġalta air, cionnus búḋ ḟéidir leis toil a ṁná do déunaṁ. 34Atá diṫfir eidir bean agus máiġdion. Bí curam na neiṫeann nḃeanus ris an Dtiġearna air an mnáoi naċ bí pósda, ionnus go mbíaḋ sí náoṁṫa a gcorp agus a spioraid: aċd bí cúram na neiṫeann ḃeanus ris an sáoġal ar an mnáoi ḃíos pósda, cionnus búḋ ḟéídir ría toil a fir do ḋéunaṁ. 35Agus is ar ṁaiṫ liḃse a deirim na neiṫesi; ní ċum ḃur ngaḃála a ndúl, aċd ċum an ní noċ is daṁail, aċd ionnus go cceangalfaḋ siḃ don Tiġearna gan trioblóid.
36Aċd dá sáoiliḋ éinneaċ naċ iomċuḃaiḋ ḋá ṁaiġdin bláṫ a haimsire do léigean ṫáirrsi, agus gur cóir a ḋéanaṁ mar sin, déunaḋ mar is áill ris féin, ní ḃfuil peacaḋ ḋó ann: pósdar íad. 37Aċd an tí atá dearḃṫa as a ċroiḋe féin, ar naċ ḃfuil riaċdanus, agus ḟéudus a ṫoil féin do ċeannsuġaḋ, agus do ċuir so roiṁe iona ċroiḋe a ṁaiġdean do ċoiṁéud, is maiṫ do ní sé é. 38Uime sin is maiṫ do ní an té do ḃeir dfior í; aċd is fearr do ní an té náċ taḃair dfior í.
39Atá an ḃean ceangailte ó ḋliġeaḋ ar feaḋ ṡáoġail a fir; giḋeaḋ dá ḃfaġuiḋ a fear bás, atá sí sáor ré pósaḋ ris an tí as áill ría; aṁáin sa Dtiġearna. 40Aċd do réir mar ṡáoilimse, as mó is beannaiġe í da nanaiḋ sí mar sin: agus is dóiġ leamsa go ḃfuil Spiorad Dé agum féin.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.