I Ccorintiánaċ 6
6
Caibidil VI
Spreagṫar agardais ċur fa ḃreiṫ na neiṁċreidṁeaċ, 15 agus trúailleaḋ an ċuirp, noċ is teampall spioradalta do Ċríosd.
1An láṁann éinneaċ aguiḃ, agá ḃfuil cúis a naġaiḋ ḋuile eile gan dul fáoi ḃreiṫeaṁnus na náoṁ, aċd na ndáoine míoċoṫrom? 2A né naċ ḃfuil a ḟions aguiḃ go mbéuraid na náoiṁ breaṫ ar an dóṁan? agus más riḃse ḃeirṫar breaṫ ar an dóṁan, a né naċ fíu siḃ ḃeiṫ ḃur mbreiṫeaṁnuiḃ ar na haḋḃaraiḃ is lúġa? 3Naċ fios díḃ go mbéaramne breiṫeaṁnus ar na haingliḃ? Créud fá naċ mó ná sin ar na neiṫiḃ ḃeanus ris an mbeaṫaiḋ si?
4Uime sin ó tá siḃ a nionaḋ breiṫeaṁnuis do ḋéunaṁ ar na neiṫiḃ ḃeanus ris an mbeaṫaiḋ so, cuiriḋ na suiḋe ċum ḃreiṫeaṁnuis an dream atá fa ṫarcuisne sa neagluis. 5As do ċur aḋnáire oraiḃ do laḃruim. An mar sin, naċ ḃfuil go fíu éunduine aṁáin eagnuiḋe eadruiḃ? dá dtiocfaḋ breiṫeaṁnus do ḋéunaṁ eidir a ḋearḃráiṫre? 6Aċd téid dearḃráṫair ċum dliġe ré dearḃráṫair eile, agus sin fós a laṫair ḋáoine gan ċreideaṁ. 7Uime sin a nois atá loċd go cinnte ionnuiḃ, tré ḋul díḃ ċum dliġe eadruiḃ féin. Créd fá naċ ḃfuilngṫí éugcóirní as táosga? créd fa naċ ḃfuilngṫí ḃur meallaḋ ní as luáiġṫe? 8Giḋeaḋ fós, do ní siḃ féin éugcóir, agus díoġḃáil, agus sin ar ḃur ndearḃráiṫriḃ. 9A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ naċ ḃfaġuid luċd déanta na heugcóra sealḃ rioġaċda Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfuiġiḋ sdríopṫaċa, na luċd ioḋalaḋruiḋ, na luċd aḋaltrannais, ná dáoine macnusaċa, ná dáoine míonadúrṫa, 10Ná gaduiġṫe, ná dáoine sanntaċa, na luċd meisge, na luċd imḋeargṫa, náid sracaireaḋa, oiḋréaċd rioġaċda Dé. 11Agus mar so do ḃí cuid agaiḃse: aċd atá siḃ ar ḃur nionnlaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur náoṁaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur sáoraḋ a nainm an Tiġearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.
12Atáid na huile neiṫe dlisdeanaċ ḋaṁ, aċd ní ḃfuilid uile tarḃaċ: atáid na huile neiṫe dlisdeanaċ ḋaṁ, giḋeaḋ ní béarṫar fáoi ċúṁaċda éinneiṫe mé. 13An bíaḋ don ḃolg, agus an bólg don ḃíaḋ: giḋeaḋ sgriosfuiḋ Día íad ar áon. Aċd ní do sdriopaċas do hórduiġeaḋ an corp, aċd don Tiġearna; agus an Tiġearna don ċorp. 14Agus do ṫóg Día an Tiġearna súas, agus tóigeaḃaiḋ sé sinne súas ré na ċúṁaċdaiḃ féin mar an gcéadna. 15A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur boill do Ċríosd ḃur gcuirp? uime sin an dtoigeuḃaiḋ misi boill Ċríosd, ċum ball sdríopaiḋe do ḋéunaṁ ḋíoḃ? nár léige Día sin. 16A né, naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an tí atá ceangailte do sdríopaiḋ gur éunċorp ría é? óir bíaiḋ, ar sé, días na naóinḟeóil. 17Giḋeaḋ an tí atá ceangailte don Tiġearna is áoinspiorad ris é. 18Seaċnuiḋ sdríopaċas. Atá gaċ peacaḋ dá ndéanann duine leiṫ amuiġ don ċorp; aċd an tí do ní sdríopaċas do ní sé peacaḋ a naġaiḋ a ċoirp féin. 19A né, naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, gur ab é ḃur gcorp teampoll an Spiorad Náoiṁ, noċ atá ionnuiḃ, agus atá aguiḃ ó Ḋía, agus naċ liḃ fein siḃ? 20Oír do ċeannċaḋ siḃ ar lúaċ: uime sin tugaiḋ glóir do Ḋía ré ḃur gcorp, agus ré ḃur spioraid, óir is lé Día íad.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 6: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.