I Ccorintiánaċ 5
5
Caibidil V
An duine colaċ do ċur úaḋaḋ, 8 agus droċṁein do ċlaói ṫríd amaċ, sul ġaḃṫar an cumaóineaċ.
1Ata sé ḋá aiṫris go coitċeann go ḃfuil sdríopaċas eadruiḃ, agus a ionnṡaṁuil do sdríopaċas naċ ainmniġṫear a measg na Gcineaḋaċ féin, eaḋon go mbíaḋ bean á aṫar ag an mac. 2Agus atá siḃ ar nat súas, agus níor ġaḃ dóbrón siḃ mar buḋ ċóir, ċúm ḟir déunta an ġníoṁsa do ṫogḃáil as ḃur lár. 3Oír go deiṁin, do ḃreaṫnuiġ misi ċeana, mar neaċ náċ ḃfuil a láṫair a bpearsuinn, aċd atá a laṫair a sbioraid, aṁuil mar do ḃéinn a láṫair, an tí do rinne mar so an gníoṁsa. 4Ar mbeiṫ ḋíḃse, agus dom spioraidse cruinn a ḃfoċair a ċéile, a nainm ar Dtiġearna Iósa Críosd, maille ré cúṁaċd ar Dtiġearna Iósa Críosd, 5Ionnṡaṁail a nfirsin do ṫoirḃirt do Ṡátan, ċum na colla do ċáoċluḋ iónnus go sáorfuiḋe an sbiorad a ló an Tiġearna Iósa. 6Ní ḃfuil ḃur ngáirdeaċus ionṁolta. A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ go ngearuiġean beagan laiḃín an táos uile? 7Uime sin sgriosaiḋ uáiḃ an sean láiḃin, ionnus go mbíaḋ siḃ ḃur dtáos núaḋ, aṁáil atá siḃ gan laiḃín. Oír fuáir Críosd ar núan cásgne a ioḋḃairt air ar son: 8Ar a naḋḃarsin déunam an ḟéusda ċoiṁéud, ni ré seanlaiḃín, na ré laíḃin uilc agus droiċṁéine; aċd ré harán an ḟíorġloine augs fírinne gan laiḃín.
9Do sgríoḃ mé ċugaiḃ a leitir gan ḃeiṫ ḋiḃ a gcaidreaḃ sdríopaċ: 10Aċd ní híad sdríopaċa an tsáoġailse go huiliḋe, náid a ḋáoine sanntaċa, náid a luċd sracaireaċda, náid a luċd ioḋalaḋruiḋ; óir da maḋ íad do ċaiṫfeaḋ siḃ an sáoġal dfágḃail. 11Aċd a nois do sgríoḃ mé ċúgaiḃ gan ċaidreaḃ do ḋéanaṁ, má ḃíonn éainneaċ dá ngoirṫear dearḃráṫair na sdríopaiġ, nó na ḋuine ṡanntaċ, nó na ḟear ioḋalaḋruiḋ, no na ḟear cainiġe, nó na ḟear misge, nó na ḟear fúaduiġe; ná caiṫiḋ fíu an ḃiḋ na ḟoċair. 12Oír créud í mo ċuidse do ḃreiṫeaṁnus do ṫaḃairt ar an druing atá amuiġ? A né náċ air an druing áta a stiġ do ḃeir siḃse breiṫeaṁnus? 13Aċd do ní Día breiṫeaṁnus ar an druing atá amuiġ. Uime sin tógḃuiḋsi uáiḃ as ḃur lár an droċḋuine sin.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 5: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.