YouVersion Logo
Search Icon

I Ccorintiánaċ 4

4
Caibidil IV
Pól na scáṫan ḋeaġ-ḟeaḋmantaiġ na heagluise.
1Go maḋ haṁluiḋ ṁeasfus duine sinne, mar ṁinisdriḋ Ċríosd, agus mar ḟeaḋmantaċaiḃ rúindíaṁraḋ Dé. 2Tuilleaḋ eile íarrṫar ar na feaḋmantaċaiḃ, go ḃfuiġṫiḋ neaċ díleas. 3Ar mo ṡonsa is ro ḃeag mo ṡuim a mbreiṫeaṁnus do ḋéunaṁ ḋáoiḃsé oram, ná fós a mbreiṫeaṁnus dáonna: aċd fós, ní ḃeirim breaṫ oram féin. 4Oír ní feasaċ ḋaṁ ní ar biṫ ḋom ṫáoḃ féin; giḋeaḋ ní ṡáorann sin mé: aċd a sé an Tiġearna an tí is breiṫeaṁ oram. 5Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.
6Agus a ḋearḃraiṫreaċa, do ṫarruing mé na neiṫesi ċugun féin, agus ċum Apollos a ḃfioġair ar ḃur sonsa; ċum siḃse dá ḃfoġluim uáinn gan ḃeiṫ ḋáoiḃ ní sa glioca ná mar atá sgrioḃṫa, gan neaċ aguiḃ do ḃeiṫ a naġaiḋ a ċéile ar na ṡéideaḋ. 7Oír cía ċuireas ar leiṫ ṫusa? agus créud atá agad naċ ḃfuáir tú? agus má fuáir tú é, créd fá ndéanann tú glóir as, mar naċ glacta é? 8Atá siḃ a nois sáiṫeaċ, atá siḃ a nois ar ḃur ndéunaṁ sáiḋḃir, do ġnoḋaiġeaḃair rioġaċd ionar ḃféugṁaisne: agus do bfearr leam go ḃfaġaḋ siḃ rioġaċd, ionnus go mbeiḋmísne fós ar rióġaiḃ maille riḃ. 9Oír méasuím gur ċuir Día inne na habsdail ḋeireannaċa amaċ, mar ḋruing atá ar na dteilgean ċum báis: óir do rinneaḋ sgáṫán ḋinn don tsaóġal, agus daingliḃ, agus do ḋáoiniḃ. 10As amadáin sinne ar son Ċríosd, aċd atá siḃse glic a Gcríosd, atamáoidne éugcruáiḋ, aċd atá siḃse láidir, atá siḃse ag faġáil onóra, agus sinne ag faġáil easonórá. 11Gus a namsa féin atámáoid ag faġáil ocaruis, agus iótan, agus atámáoid lomnoċdaiġ, agus gaḃṫar do ḋornaiḃ orainn, agus ní ḃfuil ionad coṁnuiḋe ar biṫ áiriġe aguinn; 12Agus atámáoid ag fáġáil ṡáoṫair, ag déunmah oibre ría ar láṁuiḃ féin: an tan ṁallaiġṫear sinn, do ḃeirmíd ar mbeannaċd úainn; an tan ġérléantar sinn, do ḃeirmid fulang uáinn: 13An tan ṁaslaiġṫear sinn, níomáoid úrnaiġe: atamáoid air ar ndéunaṁ mar ṡalċar an doṁain, mar sgim na nuile neiṫeann gus a niuġ.
14Ní ċum siḃse do náiriuġaḋ sgríoḃuim na neiṫesi, aċd mar mo ċloinn ionṁuin ṫeagusgim siḃ. 15Oir bioḋ go ḃfuil deiċ mile do luċd teaguisg agaiḃ a Gcríosd, ní híomḋa fós ḃur naiṫre: oír is misi do ġin siḃ a Níosa Críosd trés an tsoisgéul. 16Uime sin íarruim daṫċuinge oraiḃ, mo lorg féin do leanṁuin. 17As ċuige so do ċuir mé Timoteus ċugaiḃ, atá na ṁac ġráḋaċ agum, agus díleas sa Dtiġearna, noċ ċuirfeas a gcuiṁne ḋíḃ mo ṡliġesi a Gcríosd, do réir mar ṫeaguisgim sna huile eagluisiḃ an gaċ éaináit.
18Aċd mar naċ dtiocfuinn ní sa ṁó ċugaiḃ, atá dream aguiḃ ar nat súas. 19Giḋeaḋ do ṫoil an Tiġearna, tiocfuiḋ mé ċugaiḃ go haiṫġearr, agus aiṫeónuiḋ mé, ni híad bríaṫra na druinge sin atá ar nat súas, aċd a gcúṁaċda. 20Oír ní a mbríaṫraiḃ atá rioġaċd Dé, aċd a gcúṁaċdaiḃ. 21Créud is áill liḃ? an lé sgíursa ṫiucfas mé ċugaiḃ, no ré graḋ, agus ré spioraid ċeannsaċda?

Currently Selected:

I Ccorintiánaċ 4: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in