I Ccorintiánaċ 15
15
Caibidil XV
Dearḃaḋ na heiseirġe, 35 agus saṁuil na ccorp do ḃias ag na dáoiniḃ.
1Tuilleaḋ eile, a ḋearḃráiṫre, atáim ag foillsiuġaḋ an tsoisgéil díḃ noċ do ṡeanṁóir mé ḋíḃ ċeana, noċ do ġaḃaḃair ċugaiḃ, agus ann a seasḃuiġe mar an gcéudna; 2Agus tré a slánaiġṫear siḃ fós, da gcongṁuiḋ siḃ an ḃríaṫar ionar ṡeanmóir mé ḋíḃ é, munar ċreideaḃair go dioṁaóin. 3Oír tug mé ḋiḃ ar tús an ní fuáir me mar an gcéadna, eaḋon go ḃfuáir Críosd bás ar son ar bpeacaiḋne do réir na sgriobtúr; 4Agus gur haḋlaiceaḋ é, agus gur éiriḋ sé an treas lá do réir na sgríobtúr: 5Agus do ḃfacas é ré Céṗas, agus na ḋiáiġ sin ris an dá ḟear ḋéug: 6Ná ḋiáiġ sin, fuáir ós cionn ċuig céud dearḃráṫair raḋarc air a naóinḟeaċd; agá ḃfuil a lán díoḃ na mbeaṫaiḋ gus a nois, agus dream eile na gcodlaḋ. 7Ná ḋiáiġ sin, do ċonnairc Séumus é; a rís na nabsduile uile 8Agus na ndiáiġ uile do ċonnairc misi féin é, mar neaċ rugaḋ a nanam. 9Oír as mé as lúġa do na habsdaluiḃ, agus ní fíu mé absdal do ġairm ḋíom, do ḃríġ go raiḃ mé ag gérleanṁuin Eagluisi Dé. 10Aċd tré ġrás Dé atáim mar atáim: agus ní raiḃ a ġrásasan do tioḋlaiceaḋ ḋaṁ gan ḃríġ; óir is mó an saoṫar do rinne mé ná iadsan uile: bioḋ naċ misi fós, aċd grás Dé maile riom. 11Uime sin gioḋ bé ḋínn misi nó íadsan, as aṁluiḋ so do nímíd seanmóir, agus as aṁluiḋ so do ċréideaḃairsi.
12Agus má niṫear Críosd a ṡeanmóir gur éiriḋ sé ó ṁarḃuiḃ, cionnus a deir cuid aguiḃse naċ ḃfuil éiseirġe na marḃ ann? 13Oír muna ḃfuil eiséirġe na marḃ ann, níor éiriḋ Críosd fós: 14Agus munar éiriḋ Críosd, go deiṁin as dioṁaóineaċ ar seanmoirne agus as dioṁaóineaċ ḃur gcreideaṁsa mar an gcéudna. 15Agus geiḃṫear sinne fós ar ḃfínné bréige ar Ḋía; óir do rinneamar fíaḋnuisi do ṫáoḃ Dé gur ḋúisiġ sé Críosd ó ṁarḃuiḃ: an tí nár ḋuisiġ sé, muna neíseirġid na mairḃ. 16Oír muna néirġid na mairḃ, níor éiriḋ Críosd féin fós: 17Agus munar éiriḋ Críosd, as díoṁaóin ḃur gcreideaṁsa; atá siḃ fós ann ḃur bpeacaḋaiḃ. 18Agus mar sin an ṁéid do ċodail a Gcríosd atáid ar ndul amúġa. 19Más sa mbeaṫasa aṁáin atá dóṫċas aguinn as Ċríosd, as sinn is mó do ḋíol truáiġe do na huile ḋaóiniḃ.
20Aċd a nois do eiséirġiḋ Ċríosd ó ṁarḃuiḃ, do rinneaḋ céudṫoraḋ ná druinge do ḃí na gcodlaḋ ḋe. 21Oír do ḃríġ gur tré ḋuine ṫáínic an bás, as tré ḋuine mar an gcéudna ṫig eiseirġe na marḃ. 22Oír aṁuil mar ġeiḃid na huile ḋaóine bás a Náḋaṁ, as mar an gcéudna do ḋéuntar íad uile daiṫḃéoḋuġaḋ a Gcríosd. 23Giḋeaḋ gaċ áon ann a orduġaḋ féin: Críosd an céud ṫoraḋ; na ḋiáiġsin an luċd ḃeanus ré Críosd agá ṫeaċd. 24Ann sin ḃías an ċríoċ ḋeiġeanaċ, ar dtaḃairt na rioġaċda súas dó a láiṁ Dé, eaḋon an Taṫar; an tan ċuireas sé ar gcúl gaċ uile úaċdaránaċd, agus gaċ uile ċúṁaċd agus gaċ uile neart. 25Oír as éigean dó ḃeiṫ na Rí, nó go gcuiriḋ sé a naiṁde uile faói na ċosaiḃ. 26A sé an bás an náṁuid ḋeiġeanaċ sgriosdar. 27Oír do ċuir sé na huile neiṫ faói na ċosaiḃ. Giḋeaḋ an tan a deir sé, gur cuireaḋ na huile neiṫe faói, as follus naċ beanann an ráḋ so ris, an tí do ċuir na huile neiṫe faói. 28Agus an tán ċuirfiḋear na huile neiṫe faói, biáiḋ an Mac féin ann sin faói an tí do ċuir na huile neiṫe faói, ċum Dé do ḃeiṫ na uile sna huiliḃ.
29Nó créud ḋéunas an dream atá ar na mbaisdeaḋ air son na marḃ, muna neirġid na mairḃ air éunċor? créud fá mbaisdear íad air son na marḃ? 30Créud fá ḃfuilmídne fós a nguáis gaċ uile uáir? 31Dar ḃur ngáirdeaċusa noċ atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtiġearna, do ġeiḃim bás gaċ laói. 32Más do réir nóis dáonna do ċoṁruic mé ré hainṁiḋiḃ a Neṗesus, créud é an tarḃa a dtéid sé ḋaṁ, muna néirġid na máirḃ? iṫeam agus íḃeam; óir do ġéuḃam bás a máraċ. 33Ná mealltar siḃ: truáilliḋ droċ ċoṁráite béusa maiṫe. 34Músgluiḋ ċum firéuntaċda, agus na déunaiḋ peacaḋ; óir ní ḃfuil éolus Dé ag cuid aguiḃ: as ċum aḋnáire do ċur oraiḃ a deirim so.
35Aċd a déuraiḋ neaċ éigin, Cionnus éirġid na mairḃ? agus créud é saṁail an ċuirp ann a dtigid síad? 36O a ḋuine ṁiċélliḋ, an síol ċuireas tusa ní ḃéoḋṫuiġear é, muna ḃfaġuiḋ sé bás air tús: 37Agus a ní ṡíolċuireas tú, ní hé an corp ḃías do ṡiolċuireas tú, aċ grán lom, éaḋon, cruiṫneaċda, nó arḃar éigin eile: 38Aċd do ḃeir Día corp ḋó do réir a ṫola féin, agus dá gaċ uile ṡíol a ċorp féin fó leiṫ. 39Ní háon ḟeóil aṁáin gaċ uile ḟeóil: aċd atá feóil ar leiṫ ag dáoiniḃ, agus feóil ar leiṫ ag ainṁiṫiḃ, agus feóil ar leiṫ ag íasguiḃ, agus feóil ar leiṫ ag éunlaiṫ. 40Agus atáid cuirp neaṁḋa ann, agus cuirp ṫalṁuiḋe: giḋeaḋ atá glóir ar leiṫ ag na corpuiḃ neaṁḋa, agus glóir ar leiṫ ag na corpuiḃ talṁuiḋe. 41Atá glóir ar leiṫ ag an ngréin, agus glóir ar leiṫ ag an ngealuiḋ, agus glóir ar leiṫ ag na réultuiḃ: óir atá diṫfir ġlóire eidir réult agus réult eile. 42As mar an gcédna ḃías eiséirġe na marḃ. Bí an corp truáilliġe agá ċur; agus éirġiḋ sé neaṁṫrualliḋ. 43As neaṁonóraċ é agá ċur; agus éirġiḋ sé maille ré glóir: bí gan neart agá ċur; agus éirġíḋ sé maille ré neart: 44Bí sé na ċorp nadúrṫa agá ċur; éirġiḋ sé na ċorp sbioradálta. Atá corp nádúrṫa ann, agus corp sbioradálta. 45Aṁuil fós atá sgríoḃṫa, Do rinneaḋ an céuduine Aḋaṁ na anam béo; an Táḋaṁ déiġeanaċ na spiorad ḃeóḋa. 46Giḋeaḋ ní hé an ní sbioradálta. Do ḃí air tús, aċd an ní nádúrṫa; na ḋáiġ sin an ní sbioradálta. 47An céudduine talṁuiḋe, ón dtalaṁ: an dara duine an Tiġearna ó neaṁ. 48Mar atá an duine talṁuiḋe, as mar sin atáid an drung ṫalṁuiḋe: agus aṁuil atá an neaċ neaṁḋa, as aṁluiḋ sin atáid an drung neaṁḋa. 49Agus aṁuil do iomċramar ioṁáiġ an duine ṫalṁuiḋe, iomċóram fós ióṁáiġ an duine neaṁḋa. 50Ag so an ní a deirim, a ḋearḃráiṫre, do ḃríġ naċ féidir ré feóil agus ré fuil óiġreaċd ríoġaċda Dé dfaġáil; ná ré truáilleaḋ ḃeiṫ na oiġre ar neaṁ ṫruáilleaḋ. 51Féuċ, as ní dorċa laḃruim riḃ, ní ċoidéolam uile, aċd cuirfiġṫear a naiṫearraċ croṫa sinn uile, 52A mómeint, ré silleaḋ na súl, ré gúṫ an sduic ḋeiġeanaiġ: oír séidfiḋ an sdoc, agus dúiseoċar na mairḃ neaṁṫruáilliġe, agus cuirfiġṫear sinne a naiṫearraċ croṫa. 53Oír as éigean don ní truáilliġesi neaṁṫruáilleaḋ do ġaḃáil uime, agus don ní ṡoṁarḃṫa sa neaṁmarḃṫaċd do gaḃáil uime. 54Agus an tan ġéuḃus a ní truáilliġesi neaṁṫruáilleaḋ uime, agus a ní soṁarḃṫasa neaṁmarḃṫaċd uime, biáiḋ an tan sin an ḃriaṫar atá sgríoḃṫa ar na coiṁlíonaḋ, Do sluiġeaḋ an bás a mbuáiḋ. 55O a ḃáis, gá háit a ḃfuil do ċáilg? ó a úaiṁ, gá háit a ḃfuil do ḃuáiḋ? 56A sé an peacaḋ cáilg an ḃáis; agus a sé an reaċd neart an ṗeacaiḋ. 57Giḋeaḋ a ḃuíḋe ré Día, do ḃeir ḋúinn buáiḋ do ḃreiṫ tré ar Dtíġearna Iósa Críosd. 58Uime sin, a ḋearbraiṫre gráḋaċa, bíġiḋ coṁnuiġeaċ, neaṁċorraċ, ag méuduġaḋ do ṡíor a nobair an Tiġearna, ar mbeiṫ a ḟios aguiḃ naċ dioṁáoin ḃur sáoṫar sa Dtiġearna.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 15: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.