I Ccorintiánaċ 14
14
Caibidil XIV
Laḃarṫa ċoitċionn na heagluise ar na riaġluġaḋ.
1Leanuiḋ an gráḋ, agus bíoḋ mían na neiṫeann sbioradálta oraiḃ, aċd go maḋ mó go ndéanaḋ siḃ fáiḋeadóireaċd. 2Oír an tí laḃrus a dteanguiḋ ċoiṁṫiġe ní ré dáoiniḃ laḃrus sé, aċd ré Día: oír ní ṫuigeann éanduine é; bíoḋ go laḃrann sé ruindíaṁraḋ san sbioruid. 3Aċd an tí do ní fáiḋeadóireaċd as ré dáoiniḃ laḃrus sé ċum follamnuiġṫe, ċum teaguisg, agus ċum coṁḟurtaċda. 4An tí laḃrus a dteanguiḋ ċoiṁṫiġe a sé féin ḟollumnuiġeas sé; aċd an tí do ní faiḋeadóireaċd follamnuiġiḋ sé a neagluis. 5Agus do bfearr leam go laḃraḋ siḃ uile ré teangṫuiḃ, aċd bá fonnṁaire leam ná sin siḃ do ḋéunaṁ fáiḋeadóireaċda: óir is mó an tí do ní fáiḋeadoireaċd ná an tí laḃrus ré teangṫuiḃ, aċd muna ccuiriḋ sé a gcéill íad, ċum follamnuiġṫe dfáġáil don neagluis.
6 Agus a nois, a ḋearḃráiṫreaċa, dá dtigiḋ mé ċugaiḃ ag laḃairt ré teangṫuiḃ, créud é an soċar do ḋéunad díḃ, muna laḃra mé riḃ a ḃfoillsiuġaḋ, nó a néolas, nó a ḃfáiḋeadóireaċd, nó a dteagusg? 7Tuilleaḋ eile fós na neiṫe gan anam do ní fuáim, mas píob nó cláirseaċ, muna ndéarna síad eidirḋealuġaḋ ann a ngoṫuiḃ, cionnus do géuḃṫar a ḟios créud ṡinntear ar an bpíob nó ar an gcláirsiġ? 8Mar an gcéudna má ḃeir an trompa fuáim neiṁċinnte úaḋ, cía uillṁéóċas é fein ċum caṫa? 9As aṁluiḋ sin siḃse, muna laḃarṫáoi bríaṫra soṫuigsionaċa tres an dteanguiḋ, cionnus aiṫéontar a ní laḃarṫar; oir is fá a naiéur laiḃéorus siḃ. 10Atáid, (do réir mar ṫárrla ann,) a noiread sin do ġnéiṫiḃ goṫann sa doṁan, agus ní ḃfuil éunġuṫ ḋíoḃ gan ċéill. 11Uime sin muna dtuige mé bríġ an ġóṫa, biáiḋ mé barbarṫa ag an to laḃrus, agus biáiḋ an tí laḃrus barbarṫa agumsa. 12As mar sin siḃse, mar an gcéadna, do ḃriġ go sanntuiġeann siḃ neiṫe sbioradálta, íarraiḋ bárr do ḃreiṫ ċum follamnuiġṫe na heagluisi. 13Uime sinn an tí laḃrus a dteanguiḋe ċoiṁṫiġe guiḋeaḋ sé go maḋ éidir leis ní éidirṁíniuġaḋ. 14Oír má ním urnuiġe a dteanguiḋ ċoiṁṫiġe, do ní mo sbiorad urnuiġe, giḋeaḋ atá mo ṫuigsi neaṁṫoruiḋeaċ. 15Créud eile maseaḋ? do ḋeuna mé urnuiġe ris an sbioruid, giḋeaḋ do ḋéana mé urnuiġe ris a tuigsi mar an gcéudna: do ḋéuna mé céol ris an sbioruid, aċd fos do ḋéuna mé céol ris an tuigse. 16Nó má ḃeir tú buiḋeaċas ris an spioruid, cionnus a déuruiḋ an tí atá a náit an túata Amén ré breiṫ ḃuiḋeaċais duitsi, agus naċ feas dó créud a deir tú? 17Oír go deiṁin as maiṫ ḃeireas tusa buíḋeaċas, giḋeaḋ ní ḟaġann neaċ eile a ḟollamnuġaḋ. 18Beirim a ḃuíḋe rém Ḋía, gur mó laḃruim do ṫeangṫuiḃ ná siḃ uile. 19Giḋeaḋ do bfearr leam cúig focail maille rém ṫuiġsi do laḃairt sa neagluis, ċum daóineaḋ eile do ṫeaguisg mar an gcéudna, na deiċ míle focal a dteanguiḋ ċoiṁṫiġe.
20A ḋearḃráiṫreaċa, na biġiḋ ḃur leanbuiḃ a dtuigsi: aċd a dtáoḃ ḋroċṁéine biġiḋ ḃur leanbuiḃ, giḋeaḋ a dtúigse biġiḋ foirfe. 21Atá sgríoḃṫa sa reaċd, Laiḃéora mé ris an bpobalsa a dteangṫuiḃ agus a núrlaḃra eile; agus mar sin fós ní ċluinfid mé, a deir an Tiġearna. 22Uime sin as mar ċóṁarṫa atáid na teangṫa coiṁṫiġeaċa, ní don druing ċreideas, aċd don druing atá air ḋíṫ creidiṁ: giḋeaḋ ní don druing atá gan ċreideaṁ ḟoġnus fáiḋeadóireaċd, aċd don druing ċreideas. 23Uime sin da gcruinniġe a neagluis uile a gceann a ċeile ann éin áit, agus go laiḃéoruid uile ré teangṫuiḃ ċoiṁṫiġeaċa, agus go dtiucfuid túataḋa no dáoine ar ḋíṫ creidiṁ a sdeaċ, a né naċ aibéoruid síad go ḃfuil siḃ air buile? 24Giḋeaḋ dá raḃuid uile ag fáiḋeadoireaċd, agus duine gan ċreideaṁ, nó túata do ṫeaċd a sdeaċ, sbreagṫar úaṫa uile é, agus do níd uile breiṫeaṁnus air: 25Agus mar sin foillsiġṫear neiṫe folaiġeaċa a ċroiḋe; agus aṁluiḋ sin ar dtuitim ar a aġaiḋ ḋó ḋ ḃéura sé onóir do Ḋía, ag foillsiuġaḋ go ḃfuil Día eadruiḃse go fírinneaċ.
26Maseaḋ créd é sin, a ḋearḃráiṫreaċa? ar dteaċd a gceann a ċeile ḋíḃ, atá salm, atá teagusg, atá teanguiḋ, atá foillsiuġaḋ, atá míniuġaḋ ag gaċ duine agaiḃ. Déuntar na huile neiṫe ċum follamnuiġṫe. 27Dá laḃruiḋ áonduine a dteanguiḋ ċoiṁṫiġ, laḃraḋ dias, no tríur an ċuid is mó ḋe, agus sin a ndiáiġ a ċéile; agus déunaḋ áon éidirṁíniuġaḋ. 28Aċd muna mbiáiḋ fear éidirṁíniġṫe ann, bíoḋ sé na ṫoċd sa neagluis; agus laḃraḋ ris féin, agus ré Día. 29Agus laḃraḋ días nó tríur do na faiḋiḃ, agus déunaḋ an ċuid eile breiṫeaṁnus. 30Aċd má ġéiḃ faiḋ eile ṡuiḋeas na naice, taisbéunaḋ bíoḋ an céudduine na ṫoċd. 31Oír is féidir liḃ uile fó leiṫ fáiḋeadóireaċ do ḋéunaṁ ċum foġlama, agus coṁḟurtaċda dfaġáil díḃ uile. 32Agus atáid Sbiorada na ḃfáiḋeaḋ úṁal do na fáiḋiḃ. 33Oír ní hé Día úġdar na buáiḋearṫa, aċd na sioṫċana, mar (as léir) a nuile eagluisiḃ na náoṁ.
34Bíoḋ ḃur mná na dtoċd sna heagluisiḃ: óir ní ceaduiġeaċ ḋóiḃ laḃairt; aċd a ḃeiṫ úṁal, aṁuil a deir an reaċd mar an gcéudna. 35Agus dá raiḃ fonn éinneiṫe dfoġluim orrṫa, fiafruiġidís a stiġ ḋa ḃfearaiḃ é: óir as nár do ṁnaói laḃairt sa neagluis. 36Aneaḋ? an úaiḃse ṫáínic bríaṫar Dé? no an ċugaiḃse aṁáin ráinic sí?
37Más dóiġ ré héinneaċ gur fáiḋ, nó duine sbioradálta é féin, bíoḋ a ḟios aige na neiṫe sgríoḃuimse ċuguiḃ gur ab íad aiṫeanta an Tiġearna íad. 38Aċd an tí atá ainḃfeasaċ, bíoḋ ainḃfeasaċ. 39Uime sin, a ḋearḃráiṫre, bíoḋ ro ḟonn oruiḃ fáiḋeadoireaċd do ḋéunaṁ, agus ná cuiriḋ toirmeasg fá laḃairt ré teangṫuiḃ. 40Déuntar na huile neiṫe go deaġṁaiseaċ agus do réir orduiġe.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 14: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.