I Ccorintiánaċ 13
13
Caibidil XIII
Búaiḋ, agus scaṫan na carṫanaċda.
1Gioḋ go laiḃéoruinn ré teangṫuiḃ ḋáóine agus aingeal, agus gan gráḋ ionnam, ní ḃfuilim aċd mar ṗrás ag déunmah fuáime, nó mar ċimbal ag cluigineaċd. 2Agus bíoḋ go mbeiṫ fáiḋeadóireaċd agam, agus go mbeiṫ fios na nuile ruindíaṁraḋ, agus gaċ uile éolas agam; agus bíoḋ go mbeiṫ an creideaṁ uile agam, ar ġléus go ḃféudfuinn sléiḃte aṫruġaḋ, agus mé ḃeiṫ gan ġráḋ, ní ḃfuil éifeaċd ionnam. 3Agus bíoḋ go gcaiṫfinn a ḃfuil agam ré boċdaiḃ do ċoṫuġaḋ, agus go dtuiḃruinn mo ċorp da losgaḋ, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, ní ḃfuil tarḃa ḋaṁ ann. 4Atá an gráḋ fadḟoiġideaċ, deaġċróiḋeaċ; ní ġaḃann an gráḋ tnúṫ; ní ḋéanann an ġraḋ ní ar biṫ go neaṁċóir, ní máoiṫṁeaċ é, 5Ní ḋéanann ní ar biṫ ré taircuisne, ní iarran sé na neiṫe ḃeanus ris féin, ní soḃrosduiġe é ċum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc; 6Ní ḋéanann gáirdeaċus sa néugcóraiḋ, aċd gaḃuiḋ sé gáirdeaċus sa ḃfírinne; 7Fuilngiḋ sé na huile neiṫe, creidiġ sé na huile neiṫe, bí muiniġin aige as na huile neiṫiḃ, iomċraiḋ rís na huile neiṫiḃ. 8Ní ṫéid an gráḋ ar gcúl ċoiḋċe: bíoḋ go raċaiḋ fáiḋeadóireaċd ar gcúl, agus go gcoisfid, na teangṫa; agus go gcuirfiġṫear an téólas ar gcúl. 9Oír ní ḃfuil a nois aguinn aċd gné éoluis, agus gné faiḋeadóireaċda. 10Aċd an tan ṫiucfus a ní iomlán, cuirfiġṫear an tansin a ní easḃuiḋeaċ ar gcúl. 11An tan do ḃí mé am náoiḋean, do laḃair mé mar náoiḋean, do ṫuig mé mar náoiḋean: as cíall náoiḋin do ḃí agum: aċd ar dteaċd daṁ go háois iomláin, do ċuir mé na neiṫe leanbuiḋe ar gcúl. 12Oír is raḋarc spéucláire dorċa, atá aguinn a nois; aċd a núairsin bíam ar aġaiḋ a ċéile: a nois atá gné aiṫne agam; aċd an tan sin aiṫéonad do réir mar atá aiṫne oram. 13Agus a nois fanaid na trí neiṫesi, creideaṁ, dóṫċas, agus gráḋ; giḋeaḋ a sé an gráḋ is mó ḋíoḃ so.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 13: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.