I Ccorintiánaċ 12
12
Caibidil XII
Gu ḃfuil na tioḋluicṫe neiṁ-ionann arson tairḃe na nuile, 12 mar ḃallaiḃ an ċuirp nadurḋa.
1Aċd a dtáoḃ neiṫiḃ spioradálta, a ḋearḃráiṫreaċa, ní háill leam ḃeiṫ ḋáoiḃ ainḃfeasaċ. 2Atá a ḟios aguiḃ go raḃaḃair ḃur Gcineaḋaċaiḃ, ar ḃur dtarruing go hioḋaluiḃ balḃa, do réir mar do treóruiġeaḋ siḃ. 3Uime sin foillsiġim ḋáoiḃ, naċ abair éinneaċ laḃrus ó Spioruid Dé Iósa do ḃeiṫ mallaiġe: agus naċ féidir dáoinneaċ a ráḋ gur bé Iósa an Tiġearna, aċd trés an Sbiorad Náoṁ.
4Atáid tioḋlaice éugsaṁla ann, aċd ní ḃfuil aċd ein Sbiorad aṁáin. 5Agus atáid miniosdrálaċda éugsaṁla ann, giḋeaḋ ní ḃfuil aċd éin Tiġearna aṁáin. 6Agus atá oibriuġaḋ éugsaṁla ann, giḋeaḋ a sé an táon Ndía oibriġeas na huile neiṫe sna huiliḃ. 7Agus do ġeiḃ gaċ áon foillsiuġaḋ na Sbioraide ċum tairḃe. 8Oír do ġeiḃ neaċ bríaṫar éagna trés an Sbioruid; agus neaċ eile bríaṫar eóluis trés an sbioruid ċéudna; 9Neaċ éile creideaṁ trés an Sbioruid ċéudna; agus neaċ éile taḃartus leiġis trés an Sbioruid ċéudna; 10Agus neaċ eile oibriuġaḋ míorḃuileaḋ; agus neaċ eile faiḋeadóireaċd; agus neaċ eile breaṫnúġaḋ sbiorad; agus neaċ eile morán do ġnéiṫiḃ teangṫaḋ; agus neaċ eile míniuġaḋ teangṫaḋ: 11Agus as áoin Sbiorad aṁáin oibriġeas na neiṫesi uile, ag roinn ré gaċ áon fó leiṫ do réir mar as áill ris.
12Oir aṁuil mar as áon an corp, agus morán do ḃallaiḃ aige, agus buill a néunċuirp uile, bioḋ gur ab iomḋa íad, naċ ḃfuil ionnta aċd éanċorp aṁáin: as mar an gcéudna atá Críosd. 13Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeaḋ sinn uile ċum éunċoirp, más Iúduiġe sinn nó Gréugaíġ, más sáor nó daor sinn; agus tugaḋ deoċ ḋuinn uile ré a híḃe ċum éin Sbioruide. 14Oír ní héanḃall an corp, aċd móran. 15Dá nabraḋ an ċos, Do ḃríġ náċ mé an láṁ, ni don ċorp mé; a né naċ don ċorp í ar a ṡon sin? 16Agus dá nabraḋ an ċlúas, Do ḃríġ náċ mé an tsúil, ní don ċorp mé; a né náċ don ċorp í ar a ṡon sin? 17Dá mbíaḋ an corp uile na ṡúil, cá háit a mbíaḋ an téisdeaċd? Dá mbíaḋ sé uile na éisdeaċd, cá háit a mbíaḋ an boltanus? 18Aċd a nois do ċuir Día na buill sa gcorp gaċ ball díoḃ fo léiṫ, do réir a ṫola féin. 19Aċd dá mbeídís uile na néanḃall, cá háit a mbíaḋ an corp? 20Giḋeaḋ a nois atáid síad na morán ball, bioḋ naċ ḃfuil aċd énċorp aṁáin. 21Agus ní héidir ris an tsúil a ráḋ ris an láiṁ, Ni ḃfuil feiḋm agum ort: nó a rís don ċeann ris na cosaiḃ, Ni ḃfuil féiḋm agum oraiḃse. 22Aċd, go mórṁór buill an ċuirp, ré ar cosṁuile ḃeiṫ ró lag, atá feiḋm orrṫa: 23Agus is ar ḃaillaiḃ an ċuirp, noċ ṡáoilmid do ḃeiṫ neaṁonóraċ, as mó ċuirmíd donóir; agus ar na ballaiḃ as neiṁḋeisi aguinn as mó ċuirmid do ḋeisi. 24Oír bí ḃi ar mbuill deasa na ríaċdanus: aċd do ċomuisg Día an corp ar a ċéile, ar dtaḃairt na honóra as mó don ċuid ó dteasdaiġ sí: 25Ionnus naċ bíaḋ siosma sa gcorp; aċd go mbíaḋ an cúram céudna ag na ballaiḃ ar son a ċéile. 26Uime sin dá ḃfuilngiḋ éunḃall, coṁḟuilngid na buíll nile; nó dá ḃfaġuiḋ éunḃall onóir, do níd na buill uile gáirdeaċas má ráon ris. 27Agus as siḃse corp Ċríosd, agus buill fó leiṫ. 28Agus do órduiġ Día dream áiriġe sa neagluis, ar tús absduil, na ḋiáiġ sin fáiḋe, an treas uáir luċd teaguisg, a rís luċd míorḃuile do ḋéunmah, na ḋiáiġ sin luċd leiġis, luċd coḃarṫa, luċd ríaġalta, agus iomad do ġnéiṫiḃ teangṫaḋ. 29An ḃfuilid uile na nabsdaluiḃ? an ḃfuilid uile na ḃfáiḋiḃ? an ḃfuilid uile na luċd teaguisg? an cúṁaċdaċ íad uile ar ṁíorḃuiliḃ do ḋéunaṁ? 30An ḃfuilid tioḋlaice leiġis aca uile? an laḃruid uile ré teangṫuiḃ? an ndéanuid uile eidirṁiniuġaḋ? 31Aċd bíoḋ mían na súḃailceaḋ as fearr oraiḃ: agus foillseoċaiḋ mé sliġe ḋíḃ ré mbéura siḃ bárr.
Currently Selected:
I Ccorintiánaċ 12: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.