YouVersion Logo
Search Icon

I Ccorintiánaċ 11

11
Caibidil XI
Ceann an ḟir do noċdaḋ sa neireaċd, 5 ceann na mná fá ḟolaċ. 21 Cleaċda neaṁ-náoṁṫa an ċumainiġ 23 ar na aṫḋíorġaḋ.
1Biġiḋ ḃur luċd leanṁana ḋaṁsa do réir mar atáimse do Ċríosd.
2Agus anóis moluim siḃ, a ḋearḃráiṫreaċa, fá ċoiṁe do ḃeiṫ aguiḃ oram sna huile neiṫiḃ, agus fá ḃeiṫ ḋíḃ ag coiṁéud na norduiġṫeaḋ, aṁuil tug mé ḋíḃ íad.
3Giḋeaḋ as mian riom a ḟíos do ḃeiṫ aguiḃ, gurab é Críosd ceann gaċ fir; agus gur ab é an fear ceann na mná; agus gur ab é Día ceann Ċríosd. 4Gaċ uile ḟear agá mbí folaċ ar a ċeann, ag urnaiġe ḋó nó ag fáiḋeadóireaċd, do ḃeir sé easonóir ḋá ċeann. 5Giḋeaḋ gaċ bean agá mbí a ceann noċdaiġe ag urnaiġe nó ag faiḋeadóireaċd ḋi do ḃéir sí náire ḋá ceann: óir is ionann sin agus a ḃeiṫ beárrṫa ḋi. 6Oír muna raiḃ folaċ ar ċeann na mná, beárrṫa í mar an gcéudna: aċd mas granna do ṁnáoi ḃeiṫ beárrṫa nó lom, cuireaḋ sí folaċ uirṫe. 7Oír ní cóir don ḟior a ċeann dfolaċ, do ḃríġ gur ab é ioṁáíġ ġlóire Dé é: aċd a sí an ḃean glóir an ḟir. 8Oír ní ón ṁnáoi an fear; aċd ón ḟior an ḃean. 9Oír ní ar son na mná do crúṫuiġeaḋ an fear; aċd an ḃean ar son an fir. 10Uime sin is cóir don ṁnáoi folaċ do ḃeiṫ ar a ceann ar son na naingeal. 11Giḋeaḋ ní ḃfuil an fear a néugṁais na mná, ná an ḃean a néugṁais a nfir, sa Dtiġearna. 12Oír aṁail mar is ón ḃfear an ḃean, mar an gcéúdna as tríd an mnáoi an fear; aċd is ó Ḋía na huile neiṫe. 13Measaiḋ ionnuiḃ féín: an cuḃaiḋ do ṁnáoi gan folaċ ar a ceann Día do ġuiḋe? 14A né naċ ḃfuil an nádúr féin dá ṫeagusg ḋíḃ, gur nár dfior gruág ḟada do ḃeiṫ air? 15Giḋeaḋ dá raiḃ grúag fada ar ṁnáoi, as glóir ḋí é: óir is mar ḟolaċ tugaḋ a grúag ḋi. 16Aċd ma ḃíonn éanduine cóinntinneaċ, ní ḃfuil a leiṫid sin do ġnás aguinne, nó ag eagluisiḃ Dé.
17Agus agá ḟoillsiuġaḋ so ḋaṁ ní ṁolaim siḃ, fá ṫeaċd a gceann a ċéile ḋiḃ ní ċum ḃur leasa, aċd ċum ḃur naiṁleasa. 18Oír ar tús, ar gcruinniuġaḋ ḋíḃ a gceann a ċéile sa neagluis, do ċluinim go mbíd siósmaḋa eadruiḃ; agus creidim é a ccáil. 19Oír is éigin fós eiriceaċd do ḃeiṫ ḃur measgsa, ċum na druinge atá dearḃṫa eadruiḃ ḃeiṫ follus. 20Uime sin ar gcruinniuġaḋ ḋíḃ a gceann a ċéile ann éan ait, ní hé sin suipéir an Tiġearna do ċaiṫeaṁ. 21Oír íṫiḋ gaċ áon a ṡuipéir fein air tús: agus bí ocarus ar ḋuine aguiḃ, agus duine eile ar misge. 22A né naċ ḃfuil tiġṫe aguiḃ ċum íṫe agus íḃṫe? nó an ḃfuiltí ag tarcaisniuġaḋ eagluisi Dé, agus ag taḃairt náire don druing atá gan éainní? Créud a déura mé liḃ? an molfad siḃ? ní ṁolaim siḃ sa gcássa. 23Oír is ón Dtiġearna fuáir misi a ni ṫug mé ḋíḃse mar an gcéudna, Gur ġalc an Tiġearna Iosa arán sa noiḋċe ionar bráiṫeaḋ é: 24Agus ar mbreiṫ ḃuiḋeaċais dó, do ḃrís sé é, agus a duḃairt sé, Glacaiḋ, íṫiḋ: a sé so mo ċorpsa, ḃrisdear ar ḃur sonsa: déunaiḋ so mar ċoiṁniuġaḋ oramsa. 25Agus an cupán mar an gcéudna, tar éis suipéir, ag ráḋ, A sé an cupánsa an tiomna núaḋ trém ḟuilse: déunaiḋ so, ḋá ṁioncaċd íḃṫi é, mar ċoiṁniuġaḋ oramsa. 26Oír ní ḃfuil dá ṁionca íosas siḃ an taránsa, agus íoḃṫas siḃ an cupánsa, naċ ḃfoillsiġeann siḃ bás an Tiġearna go teaċd ḋó? 27Uime sin giḋ bé íosas an taránsa, nó íoḃṫas cupán an Tiġearna, go neiṁiomċuḃaiḋ, niáiḋ sé cionntaċ do ċorp agus dfuil an Tiġearna. 28Ar a naḋḃarsin dearḃaḋ gaċ áonduine é féin, agus mar sin íṫeaḋ sé do naránsa, agus íḃeaḋ don ċupánsa. 29Oír giḋ bé íṫeas agus íḃeas go neiṁiomċuḃaiḋ, íṫiḋ agus íḃiḋ sé damnuġaḋ ḋo féin, an tan naċ déun sé eidirḋealuġaḋ eidir ċorp an Tiġearna agus ḃíaḋ eile. 30Dá ḃríġ so atáid mórán meirḃ agus ar ḋíṫ neirt eadruiḃ, agus morán ar néug. 31Oír dá mbeiṫ breaṫnuġaḋ aguinn oruinn féin, ní ḃéarṫaoi breaṫ oruinn. 32Giḋeaḋ an tan ḃeirṫear breaṫ oruinn, is ris an Tiġearna smaċdaiġṫear sinn, deagla ar ndamnaiġṫe maille ris a tsáoġal. 33Uime sin, a ḋearḃráiṫreaċa, ar dteaċd díḃ a gceann a ċéile ċum íṫe, fuiriġiḋ ré ċéile. 34Agus dá ráiḃ ocarus ar éinneaċ, iṫeaḋ sé agá ṫiġ; deagla ṫeaċd dáoiḃ a gceann a ċéile ċum damnaiġṫe. Agus ar dteaċd daṁ cuirfe mé gaċ ní eile nórduġaḋ.

Currently Selected:

I Ccorintiánaċ 11: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in