YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 99

99
Salm 99.
Dominus regnavit.
1Is é an Tiarna is Rí ann, dá méid í míḟoiġne na ndaoine: suíonn sé idir na cearúibím, is cuma ċoṁ corraċ ʼsa ḃíos an doṁan.
2Is mór an Tiarna i Síón: is ard é os cionn na ndaoine uile.
3Taḃarfaiḋ siad buíoċas le dʼAinm, atá mór, iontaċ: óir is naofa é.
4Bíonn cion ar an gceart ag Rí na gcuṁaċt; ċum tú coṫroime: ċuir tú an breiṫiúnas agus an ḟíréantaċt i ḃfeiḋm in Iácób.
5Móraigí an Tiarna ár nDia, agus ísligí siḃ féin faoi stól a ċos: óir is naofa é.
6Ḃí Maois agus Árón i measc a ṡagart, agus ḃí Samúel ar an dream a ġlaoḋ ar a ainm: ġlaodar san ar an Tiarna, agus ċuala sé iad.
7Laḃair sé leo amaċ as an gcolúin néaltaċ: óir ċoinníodar a ḟianaisí, agus an dlí a ṫug sé dóiḃ.
8Ċuala tú iad, a Ṫiarna ár nDia: is maiteaċ a ḃí tú leo, a Ḋia, aċ gur ċuir tú pionós orṫu ar son a ndoḃeart féin.
9Móraigí an Tiarna ár nDia, agus aḋraigí é ar an gcnoc naofa: óir is naofa é an Tiarna ár nDia.

Currently Selected:

Na Sailm 99: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 99