YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 98

98
Salm 98.
Cantate Domino.
1Canaigí don Tiarna aṁrán úrnua: ós é a rinne na fearta,
2Rug sé an bua dó féin: lena láiṁ ḋeas agus lena ġéag naofa.
3Dʼḟógair an Tiarna a ṡlánú: dʼḟoilsiġ sé a ḟíréantaċt faoi ṡúile na bpágánaċ.
4Ba ċuiṁin leis a ṫrócaire agus a ḟírinne do ṫeaġlaċ Iosrael: níl cúinne den doṁan naċ ḃfuil slánú ár nDé feicṫe aige.
5Taispeánaigí ḃur n‑áṫas don Tiarna, a ṫíorṫa uile: canaigí agus bígí áṫasaċ agus tugaigí buíoċas.
6Molaigí an Tiarna leis an gcláirseaċ: canaigí leis an gcláirseaċ salm buíoċais.
7Le stoic agus le galltrompaí: taispeánaigí ḃur n‑áṫas roiṁ an Tiarna, an Rí.
8Déanaḋ an ṁuir agus a ḃfuil inti tormán: an ċruinne agus a n‑áitíonn inti.
9Buaileaḋ na haiḃneaċa a mbosa, agus bíoḋ áṫas ar na cnoic le ċéile roiṁ an Tiarna: ó ṫáinig sé le breiṫiúnas a ṫaḃairt ar an doṁan.
10Taḃarfaiḋ sé breiṫ ḟíréanta ar an doṁan: agus breiṫ ċoṫrom ar na daoine.

Currently Selected:

Na Sailm 98: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in