Na Sailm 91
91
Salm 91.
Qui habitat.
1Cibé a ṁaireann faoi ċuṁdaċ an Té is Airde: fanfaiḋ sé faoi scáil an Uileċuṁaċtaiġ.
2Déarfaiḋ mé leis an Tiarna, Is tú mo ḋóċas, agus mo ḋaingean: mo Ḋia, is as a ḃeiḋ mo ṁuinín.
3Óir fuasclóiḋ sé ṫú ó ḋol an ḟiagaí: agus ón bplá urġránna.
4Cosnóiḋ sé faoina sciaṫáin ṫú, agus ní baol duit faoina ċleití: beiḋ a ḋílseaċt agus a ḟírinne agat mar sciaṫ agus mar ḋídean.
5Ní heagal duit an t‑uafás a ḃíos ag siúl san oíċe: ná an saiġead a eitlíos sa lá.
6Ní heagal duit an ṗlá a ṡiúlas sa dorċadas: ná an aicíd a ḋéanas scrios i lár an lae.
7Titfiḋ míle le do ṫaoḃ, agus deiċ míle ar do láiṁ ḋeas: aċ ní ṫiocfaiḋ sé i do ċoṁair.
8Feicfiḋ tú go deiṁin le do ṡúile féin é: féaċfaiḋ tú ar a gcúiteofar le fear an oilc.
9Óir is tú, a Ṫiarna, mo ḋóċas: is ró‑ard a ċuir tú do ṫeaċ cosanta.
10Doċar ní ṫarlóiḋ duit: ná ní ṫiocfaiḋ plá de ċoṁair do ṫí.
11Óir ordóiḋ sé dá aingil i do ṫaoḃ: ḃeiṫ do do ċuṁdaċ gaċ bealaċ dá mbíonn tú.
12Iompróiḋ siad ar a mbosa tú: ionas naċ ngortaí tú do ċos in éadan cloiċe.
13Siúlfaiḋ tú ar an leon agus ar an naṫair niṁe: satlóiḋ tú an coileán leoin agus an dragan faoi do ċosa.
14De ḃrí gur ṫug sé grá dom, dá ḃrí sin beiḋ mé á ḟuascailt: ardóiḋ mé é, ó dob aiṫnid dó mʼAinm.
15Glaofaiḋ sé orm, agus éistfiḋ mise leis: is deiṁin go mbím ina láṫair i mbuaireaṁ; fuasclóiḋ mé é, agus onóróiḋ mé é.
16Taḃarfaiḋ mé dó a ṡásaṁ de ḟad saoil: agus taispeánfaiḋ mé mo ṡlánú dó.
Currently Selected:
Na Sailm 91: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965