YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 90

90
Salm 90.
Domine, refugium.
1A Ṫiarna, ba ṫú ár ndídean: ó ġlúin go ċéile.
2Sular saolaíoḋ na sléiḃte, sular cruṫaíoḋ talaṁ an doṁain: is tú Dia ó ṡíoraíoċt, agus go saol na saol.
3Cuireann tú ar neaṁní an duine: Filligí arís, a deir tú, a ċlann Áḋaiṁ;
4Óir i do ṡúile níl míle bliain aċ mar an lá inné: a dʼimiġ ṫarainn mar ṫráṫ san oíċe.
5Ní luaiṫe a scaipeann tú iad, ná bíonn siad mar ṡuan: agus feonn siad ċoṁ tobann le féar.
6Ar maidin bíonn sé glas, agus fásann sé aníos: aċ tráṫnóna baintear é, agus éiríonn sé críon caite.
7Óir bímid ag cnaí faoi do ḋíḃeirg: agus is eagal linn fíoċ dʼḟeirge.
8Ċuir tú ár míġníoṁarṫa os do ċoinne: agus ár bpeacaí folaiṫe faoi ṡolas do ġnúise.
9Óir nuair a ḃíonn tú i ḃfearg linn, bíonn ár laeṫanta uile istiġ: tarraingímid ar ḋeireaḋ ár mblian, mar scéal a insíoḋ tríd.
10Is iad laeṫanta ár saoil a deiċ agus trí fiċid bliain; agus bíoḋ go ḃfuil daoine ann a dtugann a láidreaċt iad ċun na gceiṫre fiċid: ní ḟanann acu de ḃarr a láidreaċta aċ buaireaṁ agus brón; ar a luaṫas agus a ṫéann an saol ṫart, agus a ḃíonn ár ré caite.
11Aċ cé a ṫugas aird ar ċuṁaċt dʼḟeirge: nó cé a mbíonn a ḋíol eagla air roiṁ do ḋíḃeirg?
12Múin fios giorraċt ár saoil dúinn: ionas go dtugaimid ár gcroí don eagna.
13Fill arís, faoi ḋeireaḋ, a Ṫiarna: agus bíoḋ trua agat do do ṡeirḃísiġ.
14Nárḃ ḟada uainn ár sásaṁ de do ṫrócaire: go mbí áṫas agus lúċáir orainn ar feaḋ ár saoil agus ár laeṫanta.
15Go mba ṁóide dár sólás uait, a ḟad agus ḃíteá ár mbuaireaṁ: agus na blianta inar ḟulaingeamar an t‑olc.
16Taispeáin do ṡaoṫar do do ṡeirḃísiġ: agus taispeáin do ġlóir dá gclann.
17Agus bíoḋ mórġlóir ónár dTiarna Dia orainn: cuir séan ar saoṫar ár láṁ dúinn, agus go soirḃí tú saoṫar ár láṁ.

Currently Selected:

Na Sailm 90: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in