YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 69

69
Salm 69.
Salvum me fac.
1Fóir orm, a Ḋia: óir ṫáinig an t‑uisce isteaċ orm, go dtí an t‑anam féin.
2Táim i ngreim an lábáin ḋoṁain, atá gan ġrinneall faoi: ṫáinig mé amaċ i ndoiṁneaċt an uisce, ionas go dtagann na tonnta báite i mo ṁullaċ.
3Táim tuirseaċ ag glaoċ, tá mo sceadamán tirim: tá mʼaṁarc ag meaṫ lena ḟaideaċt agus dʼḟan mé ar Ḋia.
4Ní lia ribí mo ċinn ná an dream a ṫug fuaṫ dom gan áḃar: is mór cumas an luċt atá ina naiṁde dom, ar ṁian leo mo scriosaḋ, cé naċ ḃfuilim ciontaċ.
5Dʼíoc mé iad as niṫe nár ġlac mé riaṁ: is feasaċ duit, a Ḋia, mo ṡimplíoċt, agus níl mo loċta ceilte ort.
6Ná lig go gcuirfeaḋ mo ċás‑sa náire ar an dream a ċuireas a ndóċas ionat, a Ṫiarna Dia na slua: ná lig gur tríomsa a ṫiocfaḋ díomua ar an luċt a ṫéann do dʼiarraiḋ, a Ṫiarna Dia Iosrael.
7Agus cad ċuige? De ḃrí go ḃfuair mé aċasán ar do ṡon: agus go raiḃ mo ġnúis ar fad dearg le náire.
8Bím mar eaċtrannaċ le mo ḃráiṫre: agus mar ċoiṁṫíoċ ag clann mo ṁáṫar.
9Óir is mé a ḃí lán dúṫraċta ar son do ṫí: agus na naċasáin a ċaiṫ luċt do ċáinte leat, is ormsa a ṫiteadar.
10Ċuaiġ mé ag caoineaḋ, agus dom ísliú féin le troscaḋ: agus ḃíoṫas do mo ċáineaḋ ar a ṡon.
11Ċuir mé orm saic‑éadaċ fós: agus ċuadar ag magaḋ fúm.
12Bíonn an dream a ṡuíos sa ġeata do mo ċáineaḋ: agus bíonn luċt an ólaċáin dom aoraḋ.
13Aċ, a Ṫiarna, is ċugat a ḋéanaim mʼurnaí: san am a ḃfaiġim dea‑uain ċuige.
14Éist liom, a Ḋia, i méid do ṫrócaire: agus i ḃfírinne do ṡlánaiṫe.
15Tóg mé as an lábán, ar eagla mo ḃáite: fuasclaítear mé ó luċt mʼḟuaṫa, agus ó uiscí doṁaine.
16Ná báḋ an tuile uisce mé, agus ná slogaḋ an t‑aigéan mé: agus ná druideaḋ an poll a ċraos orm.
17Éist liom, a Ṫiarna, ó bíonn do ċarṫanaċt ġráṁar mar ṡólás agam: iompaiġ ċugam de réir méid do ṫrócaire.
18Agus ná ceil do ġnúis ar do ṡeirḃíseaċ, ó táim faoi ḃuaireaṁ: aċ déan deifir, agus éist liom.
19Druid lem anam agus slánaiġ í: bí dom ḟuascailt, de ḃarr mo naiṁde.
20Dʼaiṫin tú conas a fuair mé aiṫis agus náire agus easonóir: bíonn mʼeascairde uile faoi do ṡúil.
21Tá mo ċroí briste ag an gcáineaḋ; táim lán de ṫuirse: ḃí súil agam leis an té a ḋéanfaḋ trócaire orm, aċ ní raiḃ a leiṫéid ann, agus ní ḃfuair mé na daoine a ṫaḃarfaḋ sólás dom.
22Ṫugadar domlas dom le hiṫe: agus nuair a ḃí an tart orm, ṫugadar fínéagra le hól dom.
23Bíoḋ a gclár ina ḋol ċun a gceapṫa agus go mba ċúis titime dóiḃ na niṫe a ḃeaḋ lena leas.
24Dalltar a súile, ċun naċ ḃfeice siad: agus crom a ndroma go deo.
25Lig amaċ do raċt orṫu: agus beireaḋ teas do ḋíḃeirge orṫu.
26Bíoḋ a gcónaí folaṁ: ná raiḃ duine ann le maireaċtáil ina bpubaill.
27Óir bíonn siad ag cur géarleanúna ar an té ar ḃuail tú é: agus ag cur síos ar conas a ċuirfiḋ siad buaireaṁ ar an té ar ġoin tú é.
28Titeaḋ siad ó urċóid go ċéile: agus ná tagaḋ siad ċun dʼḟíréantaċta.
29Scriostar a n‑ainmneaċa as leaḃar na mbeo: agus ná scríoḃtar iad i measc na ḃfíréan.
30Aċ nuair a ḃímse i mboċtanas agus i mbrón: beiḋ do ċúnaṁ, a Ḋia, do mo ṫógáil.
31Molfaiḋ mé ainm Dé le haṁrán: agus móróiḋ mé é le breiṫ buíoċais.
32Is mó a ṫaitneoiḋ sin leis an Tiarna: ná bullán faoina aḋarca agus a ċrúba.
33Taḃarfaiḋ an drong uṁal sin dá n‑aire, agus beiḋ áṫas orṫu: iarraigí an Tiarna, agus mairfiḋ ḃur n‑anam.
34Óir éisteann an Tiarna, leis na boċta: agus ní ḃíonn díṁeas aige ar a ṗríosúnaiġ.
35Bíoḋ neaṁ agus talaṁ á ṁolaḋ: an ḟarraige agus a ngluaiseann inti.
36Óir saorfaiḋ Dia Síón, agus tógfaiḋ sé caṫraċa Iúda: ionas go mbeiḋ daoine ag maireaċtáil iontu á sealḃú.
37Titfiḋ a oiḋreaċt ar ċlann a ṡeirḃíseaċ: agus beiḋ an dream a mbíonn grá acu dá Ainm ina gcónaí ann.

Currently Selected:

Na Sailm 69: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in