Na Sailm 68
68
Salm 68.
Exsurgat Deus.
1Éiríoḋ Dia, agus scaiptear a naiṁde: agus teiṫeaḋ a luċt fuaṫa roiṁe.
2Mar ṫéann an toit as an aṁarc, is aṁlaiḋ a ḃeiḋ siad á ruaigeaḋ agat: mar leánn an ċéir roiṁ an tine, go mbʼaṁlaiḋ scriosfar luċt an oilc le láiṫreaċt Dé.
3Aċ bíoḋ áṫas ar na fíréin agus lúċáir orṫu roiṁ Dia: go mba ṁeiḋreaċ soilḃir iad.
4Canaigí do Ḋia, agus seinnigí molaḋ a Ainm: móraigí an té a ḃíos ag marcaíoċt ar na neaṁa; molaigí é ina Ainm Ián, agus bíoḋ áṫas oraiḃ roiṁe.
5Is é aṫair na ndílleaċtaí é, agus is é a ṗléas cúis na mbaintreaċ: mar tá, Dia ina áitreaḃ naofa.
6Is é an Dia é a ṫugann ar an luċt aontís ḃeiṫ ar aon intinn le ċéile, agus a scaoileas na braiġdeanaiġ as broid: aċ ligeann sé don luċt tréasa leanúint dá nganntanas.
7A Ḋia, nuair a ċuaiġ tú amaċ roiṁ an bpobal: nuair a ċuaiġ tú tríd an ḃfásaċ,
8Ḃí an talaṁ ag criṫ, agus na neaṁa ag sileaḋ anuas le láiṫreaċt Dé: agus ḃí Sínaí féin ag bogaḋ i láiṫreaċt Dé, is Dia do Iosrael.
9Ḃí frasa fiala fearṫainne, a Ḋia, á ḃfearaḋ leat ar dʼoiḋreaċt: lena dtug tú sólás di ina tuirse.
10Ba ann a ḃíoḋ do ċoṁṫionól ina gcónaí: ó ṫug do ṁaiṫeas ort, a Ḋia, lón a ḋéanaṁ do na boċta.
11Fuarṫas an focal ón Tiarna: ní raiḃ áireaṁ ar an mbantraċt a ḃí ag fógairt scéala.
12Cuirtear ruaig agus maiḋm ar ríṫe agus ar a sluaite: agus roinntear an ċreaċ idir luċt an teaġlaiġ.
13An ḃfanfaiḋ siḃ idir na banraċa: mar ċolm a mbíonn a sciaṫáin airgeadaiṫe á ċuṁdaċ, agus a mbíonn a ċleití mar ór?
14Nuair a scaip an tUileċuṁaċtaċ na ríṫe ar a son: ḃíodar ag titim ċoṁ tiuḃ leis an sneaċta i Salmón.
15Is breá an cnoc Cnoc Ḃásáin: is ea, tá Cnoc Ḃásáin ina ardċnoc.
16Cad ċuige a mbíonn siḃ ag fonóid, a ċnoca arda? Is cnoc Dé é an cnoc seo, a ṫaitniġ leis mar áitreaḃ: is ea, agus is ann a ḟanfas an Tiarna go bráċ.
17Tá fiċe míle ann de ċarbaid Dé, tá, agus na mílte míle acu: agus tá an Tiarna ina measc, mar ḃíonn in ionad naofa Sínaí.
18Ċuaiġ tú suas in airde, ġaḃ tú do ġialla ċun giallaíoċta, agus ġlac tú aiscí ó ḋaoine: ġlac tú aiscí ó do naiṁde féin, mar i ndúil is go gcónóḋ an Tiarna Dia eatarṫu.
19Bíoḋ an Tiarna á ṁolaḋ gaċ lá: an Dia céanna a ḃíos ag cuidiú linne, agus a ḋoirteas a ṁaiṫea sa orainn.
20Is é ár nDia é, an Dia a dtagann an slánú uaiḋ: is é Dia is Tiarna ann, agus is leis a ṫagaimid slán ó ḃás.
21Fágfaiḋ Dia créaċt i gceann a naiṁde: agus i moing gruaige an té ḃíos ag síorċleaċtaḋ urċóide.
22Is é a dúirt an Tiarna, taḃarfaiḋ mé ar ais ó Ḃásán iad: taḃarfaiḋ mé ar ais iad ó ḋoiṁneaċt na farraige;
23Ionas go dtumtar do ċos i ḃfuil do naiṁde: agus go raiḃ teangaċa do ṁadraí á ndeargaḋ léi.
24Is maiṫ mar a ḟeictear do ṡiúlta, a Ḋia: mar ṡiúlann mo Ḋia agus mo Rí sa sanctóir.
25Siúlann na cantairí i dtosaċ an tslua, agus leanann an luċt seanma ina ndiaiḋ: bíonn na hóġa ag tiompánaċt ina lár.
26Tugaigí buíoċas, a Iosrael, do Ḋia an Tiarna ar ḃur gcoṁṫionóla: ó íoċtar an ċroí.
27Siúd Beniamín beag mar rialtóir orṫu, agus flaṫa lúda mar luċt coṁairle acu: prionsaí Sabúloin agus flaṫa Neṗtálí.
28Is é do Ḋia a ċuir an ċuṁaċt ionat: neartaiġ, a Ḋia, lenar oibriġ tú ionainn,
29As uċt do ṫeampaill in Iarúsalem: is aṁlaiḋ a ḃeiḋ na ríṫe ag iompar taḃartas ċugat.
30Taḃair aċasán do ḟaoḃar an naṁad, dá gcruinníonn de ċeannurraí agus de ṡluaite daoine, go dtaga siad go huṁal ċugat le bonnaí airgid: scaip na ciníoċa arḃ é an cogaḋ a n‑aoiḃneas.
31Sin an uair a ṫiocfaiḋ na flaṫa as an Éigipt: is gairid go raiḃ Tír na Múraċ ag síneaḋ a láṁ ċun Dé.
32Canaigí do Ḋia, a ríoċta an talaiṁ: seinnigí molaḋ an Tiarna;
33An té atá ina ṡuí ó ṫús ar neaṁ os cionn gaċ ní: féaċ mar a ligeann sé a ġlór, agus is mórċuṁaċtaċ an glór é.
34Bíoḋ sé á lua agaiḃ leis an Tiarna go ḃfuil cuṁaċt aige ar Iosrael: is sna néalta atá sé in uaċtar céime agus cuṁaċta.
35Is iontaċ Tú, a Ḋia, id ionaid naofa: is aṁlaiḋ ḃíos Dia Iosrael; is é a ṫaḃarfaiḋ an cuṁaċt agus an cumas dá ṗobal; go mbeannaítear Dia.
Currently Selected:
Na Sailm 68: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965