YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 55

55
Salm 55.
Exaudi, Deus.
1Éist le mo ġuí, a Ḋia: agus ná bí do do ċeilt féin óm aċainí.
2Taḃair aire dom, agus éist le mo scéal: mar a ḃíonn brón agus buaireaṁ orm, agus mé ag guí.
3Ó ġáir na naiṁde, agus ó ġéaraiġ luċt an oilc ar a siúl: tá ar intinn acu doċar a ḋéanaṁ dom; ón olc a ṫaispeánann siad dom.
4Tá mo ċroí buarṫa ionam: agus ṫit eagla an ḃáis orm.
5Ṫáinig imní agus creaṫnú orm: agus rug uafás ar mo ḃaill beaṫa.
6Agus dúirt mé, is mairg naċ ḃfuil sciaṫáin orm mar ċolm: ba ansin a raċainn ar eiteog as, agus ġeoḃainn suaiṁneas.
7Féaċ, mar dʼéalóinn i ḃfad i gcéin: agus dʼḟanfainn san ḟásaċ.
8Ḃeaḋ deifir orm ag éalú: de ḃarr an tséideáin gaoiṫe agus de ḃarr na doininne.
9Bíoḋ a dteangaċa, a Ṫiarna, á scriosaḋ agus á scaraḋ ó ċéile agat: óir ċonaic mé urċóid agus clampar sa ċaṫair.
10Ní stadann siad de ṡiúl taoḃ istiġ dá ballaí lá ná oíċe: agus bíonn an donas agus na deora ina lár.
11Is í ionad na hurċóide í: ní ḟágann an ċealg ná an ċluain a sráideanna.
12Óir ní naṁaid follas a ṫug an ṁíċlú seo orm: dá mbʼaṁlaiḋ ab ḟéidir liom a ḟulaingt.
13Ná níorḃ é mʼeascara, a ċuir im aġaiḋ go mór: dá mba é, bʼḟéidir go raċainn i ḃfolaċ roiṁe.
14Aċ ba tú a ḃí ann, mo ċomrádaí: mo ċoṁairleoir, agus mo ḋlúṫċara.
15Ba ċaoin ár gcoṁairle le ċéile: ba ċairdiúil a ṡiúlamar i dteaċ Dé.
16Go dtaga an bás orṫu go tobann, agus go dté siad síos sa ṗoll agus iad beo: óir tá an urċóid ina gcónaiṫe, agus ina gcroí istiġ.
17Aċ glaofaiḋ mise ar Ḋia: agus saorfaiḋ an Tiarna mé.
18Tráṫnóna, agus ar maidin, agus um meán lae beiḋ mé ag guí, agus ag guí go dian: agus éistfiḋ sé le mo ġlór.
19Is é ṫug mʼanam slán i síoċáin ón gcaṫ a cuireaḋ orm: óir bʼ iomaí duine a ċuir cogaḋ orm.
20Beiḋ Dia, a ṁaireas go síoraí, é féin ag éisteaċt liom, agus á gcur ar lár: óir ní iompóiḋ siad, ná ní heagal leo Dia.
21Ċuir sé a láṁa ar an té a ḃí i síoċáin leis: agus ḃris sé a ċonraḋ.
22Ba ḃoige briaṫra a ḃéil ná im, agus an cogaḋ ina ċroí: ba ṡleaṁaine a ḃriaṫra ná ola, aċ is iad na claiṁte iad.
23Caiṫ dʼualaċ ar an Tiarna, agus coṫóiḋ sé ṫú: ní ligfiḋ sé go dteipfeaḋ ar an ḃfíréan go deo.
24Aċ is é atá i ndán don drong úd: beiḋ tú féin, a Ṫiarna, á dtaḃairt go poll an scriosta.
25Na fir ḟíoċṁara ḟealltaċa, ní ḃfaiġiḋ siad leaṫ a laeṫanta: aċ ina ḋiaiḋ sin, is ionat a ċuirfeas mé mo ḋóċas, a Ṫiarna.

Currently Selected:

Na Sailm 55: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in