YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 54

54
Salm 54.
Deus, in nomine.
1Saor mé, a Ḋia, as uċt dʼAinm: baineaḋ do ċuṁaċt díoltas amaċ ar mo ṡon.
2Éist le mo ġuí, a Ḋia: agus taḃair cluas do ḃriaṫra mo ḃéil.
3Óir tá coiṁṫíġ i ndiaiḋ éirí im éadan: agus tá tíoránaiġ, naċ mbíonn Dia os coinne a súl, ag iarraiḋ mʼanma.
4Féaċ, is é Dia mo ċúntóir: tá an Tiarna i ḃfoċair luċt cosanta mʼanama.
5Taḃarfaiḋ sé olc do mo naiṁde: scrios iad de réir dʼḟírinne.
6Taḃarfaiḋ mé duit ofráil ó ċroí ṡaor, agus molfaiḋ mé dʼAinm, a Ṫiarna: óir is mór an sólás é.
7Óir dʼḟuascail sé mé as mo ḃuaireaṁ uile: agus ċonaic mo ṡúil a mian ar mo naiṁde.

Currently Selected:

Na Sailm 54: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in