YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 122

122
Salm 122.
Laetatus sum.
1Ḃí lúċáir orm nuair a dúraḋ liom: Raċaimid go teaċ an Tiarna.
2Is i do ġeataí a ḃeiḋ ár gcosa ina seasaṁ: a Iarúsalem.
3Is ar Iarúsalem atá déanaṁ na caṫraċ: ina mbítear ag cur le ċéile.
4Óir is ċuici a ṫéann na treiḃeanna, mar tá, treiḃeanna an Tiarna: go dtuga siad fianaise dʼIosrael, go dtuga siad buíoċas dʼAinm an Tiarna.
5Óir is inti a ḃíos caṫaoir an ḃreiṫiúnais: is é sin, ríċaṫaoir ṫeaġlaiġ Ḋáiḃí.
6Déan guí ar son síoċána Iarúsalem: beiḋ an séan ar an dream a ṫug grá duit.
7Go raiḃ an tsíoċáin faoi do ṁúrṫa: agus an ḟlúirse faoi do ḋúinte.
8Ar son mo ḃráiṫre agus mo ċompánaċ: beiḋ mé ag guí an tséin duit.
9As uċt tí an Tiarna ár nDia: beiḋ mé ag iarraiḋ do leasa.

Currently Selected:

Na Sailm 122: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in