Na Sailm 121
121
Salm 121.
Levavi oculos.
1Ardóiḋ mé mo ṡúile ċun na gcnoc: cé as a dtagann mo ċaḃair?
2Is ón Tiarna féin a ṫagann mo ċaḃair: ón té a rinne neaṁ is talaṁ.
3Ní ligfiḋ mé do do ċois corraí: ní ċodlóiḋ an té a ḃíos do do ċuṁdaċ.
4Féaċ, an té a ḃíos ag cuṁdaċ Iosrael: ní ḋéanfaiḋ sé codlaḋ ná suan.
5Is é an Tiarna féin é fear do ċoimirce: is é an Tiarna cosaint do láiṁe deise;
6Ionas naċ mbeiḋ an ġrian do do loscaḋ sa lá: ná an ġealaċ san oíċe.
7Beiḋ an Tiarna do dó ṡaoraḋ ó gaċ olc: is deiṁin go mbeiḋ sé féin ag cosaint dʼanama.
8Beiḋ an Tiarna do do ṡlánú ag imeaċt nó ag teaċt duit: feasta agus go bráċ.
Currently Selected:
Na Sailm 121: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965