Na Sailm 112
112
Salm 112.
Beatus vir.
1Is beannaiṫe an duine darb eagal an Tiarna: is mór an dúil a ḃíos aige ina aiṫeanta.
2Beiḋ a ṡíol cuṁaċtaċ ar an talaṁ: beiḋ beannaċt ar ṡlioċt na gcreidṁeaċ.
3Beiḋ maoin agus ollṁaiṫeas ina ṫeaċ: agus maireann a ḟíréantaċt go bráċ.
4Éiríonn solas ar lár an dorċadais don duine diaganta: is trócaireaċ carṫanaċ fíréanta é.
5Bíonn an dea‑ḋuine trócaireaċ, agus tugann sé iasaċtaí uaiḋ: agus toġann sé a ḃriaṫra le stuaim.
6Óir ní ḃainfear bogaḋ as go bráċ: agus cuiṁneofar ar an ḃfíréan go síoraí.
7Ní ḃeiḋ eagla air roiṁ ḋroċscéala: óir seasann a ċroí go daingean, agus creideann sé sa Tiarna.
8Bíonn a ċroí láidir agus ní lagóiḋ sé: go ḃfeice sé mian a ṫola ar a naiṁde.
9Scaoil sé ṫart a ṁaoin agus ḃronn sé í ar na boċta: agus fanann a ḟíréantaċt i gcónaí; ġeoḃaiḋ a ḃeann céim arduiṫe agus onóra.
10Feicfiḋ an droċḋuine é, agus goillfiḋ sé air: beiḋ díoscarnaċ fiacal agus cnoí air; raċaiḋ a ṁian amú ar an droċḋuine.
Currently Selected:
Na Sailm 112: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965