YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 111

111
Salm 111.
Confitebor tibi.
1Taḃarfaiḋ mé buíoċas leis an Tiarna ó iomlán mo ċroí: i measc na gcreidṁeaċ os íseal, agus i gcruinniú an ṗobail.
2Is mór iad oibreaċa an Tiarna: bíonn iarraiḋ orṫu ag an drong a ċuireas dúil iontu.
3Is inṁolta inonóraiṫe a ṡaoṫar: maireann a ḟíréantaċt de ṡíor.
4Rinne Tiarna trócaireaċ na ngrást a oibreaċa iontaċa ar an gcuma: go mba ċeart cuiṁne a ċoinneáil orṫu.
5Ṫug sé bia don dream darb eagal é: ba ċuiṁin leis a ċonraḋ go deo.
6Ṫaispeán sé cuṁaċt a oibreaċa dá ṗobal: go dtuga sé oiḋreaċt na bpágánaċ dóiḃ.
7Is iad an ḟírinne agus an ceart iad oibreaċa a láṁ: is fíor iad a aiṫeanta go léir.
8Seasann siad go daingean ċoíċe agus go deo: is de réir fírinne agus cirt a ḋéantar iad.
9Ċuir sé fuascailt ċuig a ṗobal: dʼordaiġ sé a ċonraḋ go deo; is naofa oirṁinneaċ a Ainm.
10Tús eagna eagla an Tiarna: is dea‑ṫuisceanaċ a ndéanann dá réir; maireann a ṁolaḋ go deo.

Currently Selected:

Na Sailm 111: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in