Rómhánach 5
5
1D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost; 2tré n‐a ḃfuaramar, leis, sliġe tré ċreideaṁ ċum an ġrása so ’n‐a ḃfuil ár seasaṁ, agus atá gáirdeaċas orainn ag súil le glóir Dé. 3Agus ṫairis sin, is aḋḃar mórtais dúinn ár gcaṫuiġṫe féin; agus a ḟios againn go dtugann caṫú foiġid; 4agus go dtugann foiġid seasṁaċt; agus go dtugann seasṁaċt dóċas: 5agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn. 6Óir nuair ḃíomar i n‐ísle ḃriġe, fuair Críost bás i dtráṫ cóir ar son na neaṁ‐ḋiaḋa. 7Óir is ar éigean do‐ġeoḃaḋ duine bás ar son fíréanaiġ: aċt do b’ḟéidir go mbéaḋ sé de ċroiḋe ag duine bás d’ḟáġáil ar son deaġ‐ḋuine. 8Aċt noċtann Dia an gráḋ atá aige féin dúinn, de ḃriġ, ar mbeiṫ ḋúinn ’n‐ár bpeaċaċaiḃ, go ḃfuair Críost bás ar ár son. 9Uime sin is móide an fáṫ, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ḟuil, go slánóċar sinn ó’n díḃeirg ṫríd‐sean. 10Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ. 11Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt do‐ġnímíd gáirdeaċas i nDia tríd ár dTiġearna Íosa Críost, tré n‐a ḃfuaramar an réiḋteaċ sin.
12Ar an aḋḃar sin, fá mar ṫáinig an peacaḋ ar an saoġal tré ḋuine aṁáin, agus an bás tríd an bpeacaḋ, ionnas go dtáinig an bás ċum an uile ḋuine, de ḃriġ go raiḃ peacaḋ déanta ag an uile ḋuine: 13óir roiṁ ṫeaċt do’n dliġe do ḃí peacaḋ san tsaoġal: aċt ní áirṁṫear peacaḋ gan dliġe ḃeiṫ ann. 14Aċt ċeana do ḃí réimeas ag an mbás ó Áḋaṁ go Maois, ar na daoiniḃ féin naċ ndearna peacaḋ mar rinne Áḋaṁ, atá ’n‐a ṡaṁail do’n té do ḃí le teaċt. 15Aċt ní mar a ċéile do’n tsaor‐ḃronntanas agus do’n ċionnta. Óir má’s de ḃárr cionnta duine aṁáin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ do ṁórán grása Dé agus an bronntanas tré ġrása duine aṁáin, is é sin Íosa Críost. 16Agus ní mar a ċéile do’n ḃronntanas agus d’á dtáinig tré ċionnta duine aṁáin: óir ṫáinig an breiṫeaṁnas tré ċionnta duine aṁáin ċum daorṫa, aċt ṫáinig an saor‐ḃronntanas ṫar éis a lán cionnta ċum fíréanuiġṫe. 17Óir má’s tré ċionnta an aon duine aṁáin ṫáinig réimeas an ḃáis ṫrid an aon duine aṁáin; is mó ’ná sin go mór ḃéas réimeas na beaṫaḋ ṫríd an aon duine aṁáin aca‐san do‐ġeiḃeas leor‐ġrása líonṁar agus taḃartas na fíréantaċta tríd an aon duine aṁáin, Íosa Críost. 18Uime sin, díreaċ mar gur tré ċionnta duine aṁáin ṫáinig an daoraḋ ar an uile ḋuine; ar an gcuma ċéadna is tré ġníoṁ duine aṁáin ṫáinig an fíréanú do‐ḃeir beaṫa do’n uile ḋuine tré ġníoṁ fíréantaċta aṁáin. 19Óir fá mar rinneaḋ peacaiġ d’á lán daoine tré easuṁlaċt duine aṁáin, 20mar sin is eaḋ déanfar fíréanaiġ d’á lán tré uṁlaċt duine aṁáin. Agus ṫáinig an dliġe isteaċ ’na ḋiaiḋ sin ċum go méadóċaiḋe an cionnṫa. Aċt san áit ’n‐ar ṁéaduiġ an peacaḋ, ba mó ’ná sin go mór do ṁéaduiġ an grása: 21ar ċuma, fá mar ḃí réimeas an ṗeacaiḋ ċum báis ann, gur ar an gcuma ċéadna do ḃéaḋ réimeas an ġrása tré ḟíréantaċt ann ċum na beaṫaḋ síorraiḋe tré Íosa Críost ár dTiġearna.
Currently Selected:
Rómhánach 5: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.