YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánach 4

4
1Créad adéarfaimíd, d’á ḃriġ sin a fuair Abraċam, ár n‐aṫair do réir na feola? 2Óir má fíréanuiġeaḋ Abraċam de ḃárr oibreaċ, atá aḋḃar maoiḋṁeaċais aige; aċt ní os cóṁair Dé é. 3Óir créad adeir an scrioptúir? Agus do ċreid Abraċam, agus do h‐áirṁeaḋ ḋó é mar ḟíréantaċt. 4Aċt do’n té do‐ġní obair, ní mar ġrása áirṁṫear luaċ a ṡaoṫair ḋó, aċt mar ḟiaċa. 5Aċt do’n duine naċ ndéanann obair, aċt ċreideas san té ḟíréanuiġeas an duine neiṁ‐ḋiaḋa, áirṁṫear a ċreideaṁ‐san mar ḟíréantaċt. 6Aṁail mar ċuireann Dáiḃi síos ar aoiḃneas an duine d’á n‐áirṁeann Dia fíréantaċt taoḃ amuiġ d’oibreaċaiḃ,
7Is aoiḃinn do na daoiniḃ go ḃfuil a ndroċ‐ġníoṁarṫa maiṫte ḋóiḃ,
Go ḃfuil a bpeacaiḋe foluiġṫe.
8Is aoiḃinn do’n té naċ n‐áirṁeoċaiḋ an Tiġearna peacaḋ ḋó.
9An ḃeannaċt so, mar sin, an le h‐aġaiḋ luċta an timċeall‐ġearrṫa atá sí, nó le h‐aġaiḋ na ndaoine atá gan timċeall‐ġearr aḋ, mar an gcéadna? óir deirimíd gur h‐áirṁeaḋ a ċreideaṁ d’Abraċam mar ḟíréantaċt. 10Cionnas, d’á ḃriġ sin, do h‐áirṁeaḋ é? Nuair ḃí sé timċeall‐ġearrṫa, nó nuair naċ raiḃ sé timċeall‐ġearrṫa? Ní ṫar éis dó ḃeiṫ timċeall‐ġearrṫa, aċt roiṁ ṫimċeall‐ġearraḋ ḋó: 11agus fuair sé cóṁarṫa an timċeall‐ġearrṫa, séala firéantaċta an ċreidiṁ do ḃí aige an tráṫ ’n‐a raiḃ sé gan timċeall‐ġearraḋ: ċum go mbéaḋ sé ’n‐a aṫair do na daoiniḃ ċreideas, giḋ go ḃfuilid gan timċeall‐ġearraḋ, ċum go n‐áirṁfiḋe fíréantaċt dóiḃ; 12agus ’n‐a aṫair do luċt an timċeall‐ġearrṫa, toisc naċ é aṁáin gur timċeall‐ġearraḋ iad, aċt go leanann siad lorg an ċreidiṁ do ḃi ag ár n‐aṫair Abraċam an tráṫ ’n‐a raiḃ sé gan timċeall‐ġearraḋ. 13Óir níor ṫríd an dliġe tugaḋ an ġeallaṁain d’Abraċam, nó d’ á ṡlioċt, go mbéaḋ sé ’n‐a oiḋre ar an doṁan, aċt tré ḟíréantaċt an ċreidiṁ. 14Óir má’s iad luċt an dliġe atá ’n‐a n‐oiḋriḃ, atá an creideaṁ gan éifeaċt, agus atá an ġeallaṁain gan briġ: 15mar oibriġeann an dliġe fearg; aċt an áit naċ ḃfuil dliġe ann, ní ḟuil briseaḋ dliġe ann. 16D’á ḃriġ sin is ó ċreideaṁ atá an oiḋreaċt, ċum go mbéaḋ sí do réir grása: ċum go mbéaḋ an geallaṁain diongḃálta do’n tslioċt uile: ní h‐é aṁáin do na daoiniḃ atá fá’n dliġe, aċt do’n dream sin, leis, go ḃfuil an creideaṁ céadna aca agus ḃí ag Abraċam, atá ’n‐a aṫair againn go léir, 17(mar atá scríoḃṫa, Do‐rinneas aṫair d’á lán cineaḋ ḋíot), i ḃfiaḋnaise an té ’n‐ar ċreid sé, Dia, do‐ḃeir beaṫa do na marḃaiḃ, agus ġlaoḋas ar na neiṫiḃ naċ ḃfuil ann fá mar ḃéaḋ siad ann. 18An té do ċreid go dóċasaċ gan aḋḃar dóċais go mbéaḋ sé ’n‐a aṫair d’á lán cineaḋ, do réir mar aduḃraḋ, Mar sin is eaḋ ḃéas do ṡlioċt. 19Agus gan éirġe lag san ċreideaṁ do ḃreaṫnuiġ sé a ċorp féin do ḃí leaṫ‐ṁarḃ (agus é tuairim céad bliaḋan d’aois), 20agus broinn Ṡára do ḃí marḃánta: mar sin féin ní raiḃ aon aṁras air tré ṁí‐ċreideaṁ: dtaoḃ geallaṁna Dé, aċt do neartuiġeaḋ é san ċreideaṁ, ag taḃairt glóire do Ḋia, 21agus a láin‐deiṁin aige go raiḃ ar ċumas dó a raiḃ geallta aige do ṫaḃairt ċum críċe. 22Ar an aḋḃar sin do h‐áirṁeaḋ é mar ḟíréantaċt dó. 23Agus ní ar a ṡon féin aṁáin do scríoḃaḋ gur h‐áirṁeaḋ sin, 24aċt ar ár son‐na, leis, d’á n‐áirṁfear é, má ċreidimíd san té do ṫóg Íosa ár dTiġearna ó na marḃaiḃ, eisean a tugaḋ suas i n‐éiric ár gcionnta, 25agus do tógaḋ suas arís le n‐ár ḃfíréanú.

Currently Selected:

Rómhánach 4: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in