Rómhánach 2
2
1D’á ḃriġ sin atáir gan leiṫscéal, a ḋuine, cibé cia ṫú, do‐ḃeir breiṫ: óir ag breiṫ breiṫe ar ḋuine eile ḋuit, daorann tú ṫú féin; mar tusa do‐ḃeir breiṫ, cleaċtann tú na neiṫe céadna sin. 2Agus atá a ḟios againn go ḃfuil breiṫeaṁnas Dé do réir na fírinne i n‐agaiḋ na ndaoine ċleaċtas neiṫe d’á leiṫéidiḃ. 3Agus an measann tú, a ḋuine, do‐ḃeir breiṫ ar an dream ċleaċtas a leiṫéidí, agus tú féin g‐á ndéanaṁ, go n‐éileoċaiḋ tú ó ḃreiṫeaṁnas Dé? 4Nó an beag is fiú leat saiḋḃreas a ṁór‐ṁaiṫeasa agus a ḟad‐ḟulaing agus a ḟoiġde, gan a ḟios agat gur ab é maiṫeas Dé atá gad’ ṫarraing ċum aiṫreaċais? 5Aċt do réir do ḋúine agus do ċroiḋe aindiuidiġ atáir ag cur feirge i dtaisce ḋuit féin fá ċóṁair lae na diḃeirge, nuair foillseoċar ceart‐ḃreiṫeaṁnas Dé: 6ḃearfas do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa: 7an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ: 8aċt do’n dream ata ceanndána, naċ n‐uṁluiġeann do’n ḟírinne, aċt uṁluiġeas do’n éigceart, 9fearg agus buile, anacair agus cráḋ do gaċ anam daonna do‐ġní an t‐olc, do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna; 10aċt glóir agus onóir agus síoṫċáin do gaċ aoinneaċ do‐ġní an ṁaiṫ, do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna; 11óir ní ḟuil meas ag Dia ar ṗearsain duine seaċas a ċéile. 12Óir an méid daoine do rinne peacaḋ gan dliġe, is gan dliġe caillfear iad; agus an méid daoine do rinne peacaḋ, agus iad fá ḋliġe, is do réir dliġe béarfar breiṫ orṫa: 13óir ní h‐iaḋ luċt éistiġṫe an dliġe atá fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, aċt is iad luċt cleaċtuiġṫe an dliġe fíréanóċar: 14óir na Cineaḋaiġ, naċ ḃfuil dliġe aca, nuair do‐ġní siad as a nádúir féin an niḋ órduiġeas an dliġe, giḋ naċ ḃfuil dliġe aca féin, atáid ’n‐a ndliġe ḋóiḃ féin: 15de ċionn go noċtann siad briġ an dliġe ḃeiṫ scríoḃṫa ar a gcroiḋeaċaiḃ, a gcoinsias mar ḟiaḋnaiḋe ḋóiḃ, agus a smaointe g‐á gcionntú, 16nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiuḃraiḋ Dia breiṫ ar rúnaiḃ na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo ṡoiscéil‐se.
17Aċt má tá ainm lúdaiġ ort, agus má’s ar an dliġe atá do ṡeasaṁ, agus má ṁaoiḋeann tú as Dia, 18agus má’s eol duit a ṫoil, agus má ḟroṁann tú an cúrsa is fearr, agus má fuair tú teagasc ó’n dliġe, 19agus má tá tú dearḃṫa go ḃfuilir féin id’ ṫreoraiḋe do luċt daille, id’ ṡolas do’n dream atá i ndorċadas, 20id’ oide do luċt diṫ‐céilliḋe, id’ ṁúinteoir do leanḃaiḃ, toisc múnla an eolais agus na fírinne ḃeiṫ agat san dliġe; 21tusa ṁúineas duine eile, an é naċ múineann tú ṫú féin? tusa ṡeanmóireas gan goid do ḋéanaṁ, an ndéanann tú féin goid? 22tusa adeir naċ ceart do’n duine aḋaltrannas do ḋéanaṁ, an ndéanann tú féin aḋaltranas? túsa go ḃfuil fuaṫ d’íoḋalaiḃ agat, an ndéanann tú slad i dteamplaiḃ? 23tusa ṁaoiḋeas as an dliġe, an dtugann tú easonóir do Ḋia tré ḃriseaḋ an dliġe? 24Óir atá ainm Dé d’á ṁaslaḋ i measc na gCineaḋaċ mar ġeall oraiḃ‐se, mar tá scríoḃṫa. 25Óir atá tairḃe san timċeall‐ġearraḋ má ċoiṁeádann tú an dliġe: aċt má ḃriseann tú an dliġe, atá do ṫimċeall‐ġearraḋ ’n‐a neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ agat. 26D’á ḃriġ sin, má ċoiṁeádann an duine neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa a ḃfuil órduiġṫe san dliġe, naċ n‐áirṁfear a neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ mar ṫimċeall‐ġearraḋ ḋó? 27agus an té atá neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa do réir nádúire, má ċoiṁeádann sé an dliġe, naċ dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas ort‐sa ḃriseas an dliġe, agus scriḃinn an dliġe agus an timċeall‐ġearrṫa agat? 28Óir ní fír‐lúdaċ an duine atá ’na lúdaċ ar an taoḃ amuiġ, agus ní ṫimċeall‐ġearraḋ é sin atá ar an taoḃ amuiġ de’n ċolainn; 29aċt is é an fír‐lúdaċ an té atá ’n‐a lúdaċ san taoḃ istiġ; agus is é an fír‐ṫimċeall‐ġearraḋ timċeall‐ġearraḋ an ċroiḋe, do réir an spioraid, ní do réir na scriḃinne; an té naċ molann daoine é, aċt go molann Dia é.
Currently Selected:
Rómhánach 2: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.