Rómhánach 1
1
1Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé, 2do ġeall sé roiṁ ré tré n‐a ḟáiḋiḃ ins na scrioptúiriḃ naoṁṫa, 3i dtaoḃ a Ṁic Íosa, do geineaḋ de ṡiol Dáiḃí do réir na feola, 4do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna, 5tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ, 6ar son a ainme‐sean; agus do glaoḋaḋ siḃ‐se, leis, ’n‐a measc, 7mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.
8Ar dtús, do‐ḃeirim buiḋeaċas dom’ Ḋia tré Íosa Críost ar ḃur son‐sa uile, de ḃriġ go ḃfuil tuairisc ḃur gcreidiṁ scaipṫe ar fud an doṁain ar fad. 9Óir atá Dia mar ḟiaḋnaiḋe agam, Dia d’á ndéanaim seirḃís im’ spiorad i soiscéal a Ṁic, go mbím gan stad g‐ḃur luaḋ, 10g‐á iarraiḋ air de ṡíor im’ urnaiġṫiḃ, dá mb’ ḟéidir é, go réiḋteoċar bealaċ dom anois fá ḋeireaḋ, ar ċuma éigin, le toil Dé, ċum teaċt ċugaiḃ. 11Óir is mian liom go mór siḃ d’ḟeicsin, ionnas go roinnfinn tíoḋlacaḋ spioradálta éigin liḃ, ċum go neartóċar siḃ; 12is é sin go ḃfaiġmíd neart i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus mé ’n‐ḃur measc, gaċ duine againn de ḃárr creidiṁ a ċéile, ḃur gcreideaṁ‐sa agus mo ċreideaṁ féin.
13Agus, a ḃráiṫre, níor ṁian liom gan a ḟios ḃeiṫ agaiḃ gur minic do ċuireas róṁam teaċt ċugaiḃ (aċt do cuireaḋ cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéaḋ toraḋ éigin agam de ḃárr mo ṡaoṫair ’n‐ḃur measc, fá mar ḃí agam i measc na gCineaḋaċ eile. 14Táim fá ċomaoin ag Gréagaċaiḃ agus ag Barbaraċaiḃ, ag luċt céille agus ag luċt diṫ‐céille. 15Ar an aḋḃar sin, im’ ṫaoḃ‐sa ḋe, atá fonn orm an soiscéal do ṡeanmóiriú daoiḃ‐se atá san Róiṁ, leis. 16Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cuṁaċt Dé é ċum gaċ duine ċreideas do ṡlánú; do’n lúdaċ ar dtús, agus do’n Ġréagaċ mar an gcéadna. 17Óir is ann foillsiġtear fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ ċum creidiṁ: mar tá scríoḃṫa, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan.
18Óir foillsiġtear díḃeirg Dé ó neaṁ i n‐aġaiḋ gaċ aindiaḋaċta agus i n‐aġaiḋ gaċ éigcirt daoine ċoisceas an ḟírinne leis an éigceart; 19óir is léir dóiḃ gaċ eolas ar Ḋia atá le fáġáil; mar rinne Dia soiléir dóiḃ é. 20Óir ó cruṫuiġeaḋ an doṁan atá a ṫréiṫe do‐ḟeicsiona, is iad sin a ċuṁaċt síorraiḋe agus a ḋiaḋaċt, tá siad go soiléir le feicsin agus le tuigsin; 21ar ṁoḋ go ḃfuilid gan leiṫscéal: de ḃriġ, nuair ḃí eolas aca ar Ḋia, naċ dtugadar glóir dó mar Ḋia, ná naċ dtugadar buiḋeaċas dó; act gur éiriġeadar baoṫ n‐a smaointiḃ; agus gur dorċuiġeaḋ a gcroiḋeaċa diṫ‐céilliḋe. 22Ag maoiḋeaṁ as a n‐eagna ḋóiḃ do‐rinneaḋ amadáin díoḃ, 23agus d’aṫruiġeadar glóir Dé neaṁ‐ṫruailliḋe i gcosaṁlaċt íoṁáiġe duine ṡo‐ṫruailliġṫe, agus i gcosaṁlaċt éanaċa, agus ainṁiḋṫe ceaṫair‐ċosaċ, agus piastaí.
24Ar an aḋḃar sin do leig Dia le droċ‐ṁiantaiḃ neaṁ‐ġlana a gcroiḋeaċa féin iad; ċum a gcuirp féin d’easonórú eadorṫa féin: 25mar d’aṫruiġeadar fírinne Dé ’n‐a bréig, ag déanaṁ aḋarṫa agus seirḃíse do’n niḋ do cruṫuiġeaḋ ṫar an gCruṫuiġṫeóir, an té atá beannuiġṫe go deo. Amén.
26D’á ḃriġ sin leig Dia le h‐ainṁiantaiḃ déisteannaċa iad: óir d’aṫruiġ a mná an gnás atá de réir nádúire, ag cleaċtaḋ gnáis atá i gcoinniḃ nádúire: 27na fir, mar an gcéadna, ag tréigean gnáṫ‐úsáide na mná, do lasadar le h‐ainṁiantaiḃ d’á ċéile, fir ag cleaċtaḋ gníoṁarṫa úr‐ġránna le fearaiḃ, go ḃfuaradar ionnta féin an cúiteaṁ do ḃí tuillte aca i n‐éiric a gcuirpṫeaċta.
28Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ; 29do líonaḋ iad d’olcas, de ċuirpṫeaċt, de ṡainnt, de ṁailís; do ḃíodar lán d’ḟormad, de ḋúnṁarḃaḋ, d’aċrann, de ċeilg, de ḋroċ‐rún; 30luċt bíodáin, luċt cúl‐ċainnte, luċt gránna le Dia, tarcuisneaċ, uaiḃreaċ, blaḋmannaċ, luċt ceapṫa olcais, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, 31daoine gan tuigsin, neaṁċoinġeallaċ, gan croiḋe nádúrṫa, míoṫrócaireaċ: 32daoine, giḋ gur ab eol dóiḃ breiṫ Dé, is é sin go dtuilleann a leiṫéidí bás, ní h‐é aṁáin go ndéanann siad féin iad, aċt go n‐aon‐tuiġeann siad leis an dream do‐ġní iad.
Currently Selected:
Rómhánach 1: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.