Bible App logo
Search Icon

Chum na nEabhraidheach 13

13
1Bíoḋ gráḋ bráṫarḋa i gcóṁnaiḋe eadraiḃ. 2Ná déanaiḋ dearmad ar ḟáilte d’ḟearaḋ roiṁ ċoiṁṫiġṫeaċaiḃ: óir g‐á ḋéanaṁ sin, ṫug daoine 3áiriṫe aoiḋeaċt d’aingliḃ gan a ḟios dóiḃ féin. Cuiṁniġiḋ ar na priosúnaċaiḃ, fá mar ḃéaḋ siḃ ceangailte i n‐éinḟeaċt leo; ar na daoiniḃ atá ag fáġáil íosbairte, fá mar tá siḃ féin i rioċt corporḋa. 4Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais. 5Biḋiḋ saor ó ġráḋ an airgid; sásta leis an méid atá agaiḃ: óir aduḃairt sé féin, Ní ċlisfead ort, agus ní ṫréigfead go deo ṫú. 6D’á ḃriġ sin tig linn a ráḋ gan eagla,
Is é an Tiġearna mo ċongantóir; ní ḃéiḋ eagla orm:
Créad atá ar ċumas an duine do ḋéanaṁ ḋom?
7Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ. 8Atá Íosa Críost gan aṫrú indé, indiu agus go síorraiḋe. 9Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad. 10Atá altóir againne naċ ḃfuil sé de ċead ag an dream ḟrioṫáileas ar an tabernacal éinniḋ d’iṫe ḋe. 11Óir cuirp na n‐ainṁiḋe go dtugann an t‐árd‐ṡagart a gcuid fola isteaċ san áit naoṁṫa, dóiġtear iad taoḃ amuiġ de’n ċampa. 12Ar an aḋḃar sin d’ḟulaing Íosa, leis, taoḃ amuiġ de’n ġeata, ċum go naoṁóċaḋ sé an pobal le n‐a ḟuil féin. 13D’á ḃriġ sin imṫiġmís amaċ as an gcampa ċuige, ag iomċar a ṁasla. 14Óir ní caṫair ċóṁnuiġṫeaċ atá againn annso, aċt is aṁlaiḋ atáimíd ag tnúṫ le caṫair atá le teaċt. 15Uime sin ofráilimís íoḋbairt aḋṁolta do Ḋia i gcóṁnaiḋe, is é sin toraḋ ár mbeola adṁuiġeas a ainm. 16Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia. 17Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.
18Guiḋiḋ orainne: óir creidimíd go ḃfuil coinsias glan againn, agus a ḟonn orainn maireaċtain go cneasta ar gaċ sliġe. 19Agus is móide impiḋim oraiḃ é seo do ḋéanaṁ, gur luaiṫe‐de ġeoḃas siḃ ar ais mé ’n‐ḃur measc.
20Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe, 21go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.
22Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, glacaḋ le briaṫar an spreagṫa so uaim: óir níor scríoḃas aċt go h‐aiṫġearr ċugaiḃ. 23Bíoḋ a ḟios agaiḃ gur scaoileaḋ saor ár mbráṫair Timóteus; má ṫagann sé go luaṫ, ċifead mar aon leisean siḃ.
24Beannuiġiḋ d’ḃur dtreoruiġṫiḃ uile, agus do na naoṁaiḃ go léir. Beannuiġeann bráiṫre na hIodáile ḋaoiḃ.
25Grása go raiḃ liḃ go léir. Amen.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in