Bible App logo
Search Icon

Chum na nEabhraidheach 12

12
1D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn, 2ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé. 3Óir saṁluiġiḋ liḃ féin an té gur cuireaḋ cóṁ mór sin ’n‐a ċoinniḃ, agus peacaiġ g‐á ṡéanaḋ, ċum naċ n‐éireoċaiḋ siḃ lag, claoiḋte ’n‐ḃur n‐anmannaiḃ. 4Níor ṡeasuiġ siḃ fós go doirteaḋ fola, ag cur i n‐aġaiḋ an ṗeacaiḋ: 5agus atá dearmad déanta agaiḃ ar an spreagaḋ tugaḋ ḋaoiḃ mar ḃéaḋ do ċlann‐ṁac,
A ṁic, ná déan neaṁ‐ṡuim de smaċt an Tiġearna,
Agus ná caill meisneaċ nuair ċeartuiġeas sé ṫú;
6Óir smaċtuiġeann an Tiġearna an té go ḃfuil gráḋ aige ḋó,
Agus sciúirseann sé gaċ mac ġlacas sé.
7Má ḟulaingeann siḃ an smaċt, atá Dia ag pléiḋe liḃ mar ḃéaḋ sé le n‐a ċlainn féin; óir cia h‐é an mac naċ smaċtuiġeann a aṫair é? 8Aċt má ḃíonn siḃ saor ó smaċt, go ḃfaġann gaċ aoinneaċ a ċuid féin de, ní clann dlisteanaċ siḃ, aċt clann ḃastairt. 9Ṫairis sin, do ḃí aiṫreaċa do réir na feola againn ċum ár smaċtuiġṫe, agus ṫugamar urraim dóiḃ: naċ mó go mór an urraim do‐ḃéarfaimíd dár nAṫair spioradálta ċum beaṫa d’ḟáġáil? 10Óir is fíor gur smaċtuiġeadar‐san ar feaḋ beagáin laeṫe sinn mar ṫógradar féin; aċt do smaċtuiġ seisean sinn mar ṁaiṫe linn ċum sinn do ḋéanaṁ rannṗáirteaċ ’n‐a naoṁṫaċt. 11Is fíor naċ aḋḃar sóláis, aċt áḋḃar dóláis an smaċtú fá láṫair, do réir cosṁalaċta: aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin do‐ḃeir sé toraḋ síoṫċánta do na daoiniḃ cleaċtar leis, toraḋ na fíréantaċta. 12Uime sin tógtar na láṁa gan tapaḋ, agus na glúna gan luṫ: 13agus siuḃlaḋ ḃur gcosa rómpa gaċ ndíreaċ, ċum naċ leonaḋ aċt leiġeas ġeoḃas an ball atá bacaċ.
14Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ: 15ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ; 16ar eagla go mbéaḋ aon drúiseoir ann, nó aon duine neaṁ‐ḋiaḋa mar Ésau, do ḋíol a ċeart oiḋreaċta ar ḃéile biḋ. 17Óir atá a ḟios agaiḃ, nuair ba ṁian leis an ḃeannaċt d’ḟáġáil ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur diúltuiġeaḋ é (óir ní ḟuair sé faill ċum aiṫriġe do ḋéanaṁ), giḋ gur iarr sé le deoraiḃ é.
18Óir ní ḟuil siḃ tagṫa ċum cnuic go ḃféadtar láṁ do ċur air, ná ċum teineaḋ lasánta, ná ċum duiḃe, 19agus ċum dorċaċta, ná ċum stoirme, agus ċum árd‐ġlóir stuic, agus ċum gleoḋ focal; gur iarr na daoine do ċuala é d’impiḋe naċ laḃarfaiḋe aon ḟocal eile leo: 20óir níor ḟéadadar a raiḃ órduiġṫe ḋóiḃ d’iomċar, Má ḃaineann fiú ainṁiḋe leis an gcnoc, 21gaḃfar de ċloċaiḃ air; agus do ḃí a ḃfacadar ċóṁ h‐uaṫḃásaċ sin go nduḃairt Maois, Atáim ar baill‐ċrioṫ go mór le neart eagla: 22aċt is aṁlaiḋ atá siḃ tagṫa go Sliaḃ Síoin, go caṫair an Dé ḃí, go h‐Iarúsalem neaṁḋa, agus go dtí na mílte as cuimse de ṡluaiġtiḃ na n‐aingeal, 23go cóṁċruinniú agus go h‐eaglais na gcéid‐ġein, go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé, breiṫeaṁ an uile ḋuine, agus ċum spioraidí na ḃfíréan diongḃálta, 24agus ċum Íosa, idir‐ṁeaḋóntóir connarṫa úr‐nua, agus ċum na fola do croṫaḋ, gur fearr a teaċtaireaċt ’ná fuil Aibéil. 25Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas: 26an té gur ḃain a ġuṫ croṫaḋ as an talaṁ an t‐am sin: aċt go ḃfuil geallta aige anois, g‐á ráḋ, Aon uair aṁáin eile cuirfead, ní h‐é aṁáin an talaṁ ar crioṫ, aċt neaṁ, mar an gcéadna. 27Agus an focal, Aon uair aṁáin, cialluiġeann sé aistriú na neiṫe úd atá so‐ċorruiġṫe, mar atá neiṫe do cruṫuiġeaḋ, ċum go ḃfanfaḋ na neiṫe atá do‐ċorruiġṫe ’n‐a gcóṁnaiḋe. 28Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla, 29óir is teine dian‐loiscneaċ ár nDia‐ne.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in