YouVersion Logo
Search Icon

2 Chum na gCoirinnteach 3

3
1An ag tosnú arís ar ár molaḋ féin atáimíd? nó an ḃfuil gaḃaḋ againn le litreaċaiḃ molta ċugaiḃ nó uaiḃ, mar tá ag daoiniḃ áiriṫe? 2Is siḃ‐se ár litir, atá scríoḃṫa ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, atá d’á ṫuigsin agus d’á léiġeaṁ ag an uile ḋuine; 3mar is léir gur siḃ litir Ċríost do cuireaḋ fá n‐ár gcúram, litir do scríoḃaḋ, ní h‐é le duḃaċ, aċt le Spiorad Dé ḃí; ní h‐é ar ṫáiḃléadaiḃ cloiċe, aċt ar ṫáiḃléadaiḃ feola. 4Agus is tré Ċríost atá an ṁuiniġin seo againn i dtaoḃ Dé: 5ní h‐é gur féidir linn éinniḋ d’áireaṁ mar ḃéaḋ uainn féin; aċt is ó Ḋia ṫig ár gcumas; 6is é ṫug éifeaċt dúinn, leis, ċum ḃeiṫ ’n‐ár seirḃíseaċaiḃ do ṫiomna nua; ní h‐é do réir na litre, aċt do réir an spioraid; óir marḃann an litir, aċt do‐ḃeir an spiorad beaṫa. 7Agus miniostrálaċt an ḃáis, atá greanta ’n‐a litreaċaiḃ ar ċloċaiḃ, má ṫáinig sí le glóir, i rioċt nárḃ ḟéidir le clannaiḃ Israel féaċaint go grinn ar ġnúis Ṁaoise, mar ġeall ar ġlóir a ġnúise: glóir do ḃí ag dul i n‐éag: 8cad ċuige naċ mbéaḋ glóir is mó ’ná sin ag miniostrálaċt an spioraid? 9Óir má tá miniostrálaċt an damnuiġṫe glórṁar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálaċt na fíréantaċta glórṁar. 10Óir an niḋ do‐rinneaḋ glórṁar, is dearḃ naċ ndearnaḋ é glórṁar san gcás so, mar ġeall ar an nglóir is fearr. 11Óir an niḋ do ḃí ag dul i n‐éag, má ḃí sé glórṁar, is mó ’ná sin go mór glóir an niḋ atá buan.
12Ó ṫárla a leiṫéid seo de ṁuiniġin ḃeiṫ againn, laḃraimíd as cainnt an‐dána, 13agus ní ḟuilmíd mar ḃí Maois, do ċuir folaċ ar a ġnúis, ċum naċ ndearcfaḋ clanna Israel go grinn ar ḋeireaḋ a raiḃ ag dul i n‐éag: 14aċt do ḃí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léiġte an tseantiomna, fanann an folaċ céadna gan tógáil: folaċ atá curṫa ar neaṁ‐niḋ i gCríost. 15Aċt go dtí an lá so, nuair léiġtear Maois, luiġeann folaċ ar a gcroiḋe. 16Aċt nuair ċasfaiḋ siad ċum an Tiġearna, tógfar an folaċ díoḃ. 17Anois is é an Tiġearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a ḃfuil Spiorad an Tiġearna, is ann atá saoirse. 18Aċt sinne uile, ag dearcaḋ, mar ḃéaḋ i scaṫán, ar ġlóir an Tiġearna, gan folaċ ḃeiṫ ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íoṁáiġ ċéadna ó ġlóir go glóir, mar ḃéaḋ ó’n Tiġearna an Spiorad.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in