2 Chum na gCoirinnteach 2
2
1Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, do ceapas im’ aigne naċ dtiocfainn ċugaiḃ fá ḋoilġeas. 2Óir má ċuirim doilġeas oraiḃ, cia h‐é ḟéadas soilġeas do ṫaḃairt dom munab é an té sin ar ċuireas doilġeas air? 3Agus ċuige sin is eaḋ do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ, ar eagla, ar dteaċt dom, go ḃfaiġinn doilġeas uaṫa‐san go mba ċeart go mbéaḋ bród orm ’n‐a dtaoḃ; ó ṫárla muiniġin ḃeiṫ agam asaiḃ go léir, gur ab é mo ḃród‐sa bród gaċ duine agaiḃ. 4Óir is fá ḃuaiḋirt ṁóir agus fá ḋoilġeas croiḋe do scríoḃas ċugaiḃ le frasaiḃ deor, ní ċum doilġeas do ċur oraiḃ, aċt ċum go dtuigfeaḋ siḃ méid an ġráḋa atá agam daoiḃ.
5Aċt má ṫáinig doilġeas de ċionn duine ar biṫ, ní h‐orm‐sa ṫáinig sé, aċt ṫáinig cuid de (gan luiġe ro‐ṫrom) oraiḃ go léir. 6Is leor do’n té úd an pionós fuair sé ó’n ḃfurṁór; 7ionnas ’n‐a ionad sin, gur ṁó ba ċóir daoiḃ maiṫeaṁnas agus sólás do ṫaḃairt dó, ar eagla go sloigfiḋe an té úd le h‐iomarca doilġis. 8Uime sin aṫċuinġim oraiḃ ḃur ngráḋ do ḋearḃaḋ ḋó. 9Óir ċuige sin is eaḋ do scríoḃas, ċum go mbéaḋ a ḟios agam, mar ṫastáil oraiḃ, an ḃfuil siḃ uṁal san uile niḋ. 10Cibé duine go dtugann siḃ maiṫeaṁnas dó, do‐ḃeirim‐se maiṫeaṁnas dó, leis, mar, má tá rud ar biṫ maiṫte agam, is ar ḃur son‐sa atá sé maiṫte agam i láṫair Ċríost; 11ar eagla go mbéaḋ buaiḋ ag Sátan orainn; óir ní ḟuilmíd gan eolas ar a ṡliġṫiḃ.
12Anois nuair ṫángas go Tróas ar son soiscéil Ċríost, giḋ gur ḟoscail an Tiġearna doras róṁam, ní raiḃ suaiṁneas ar mo spiorad, 13toisc naċ ḃfuaras mo ḃráṫair Títus: aċt d’ḟágas slán aca agus d’imṫiġeas go dtí an Ṁaiceadóin. 14Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air. 15Óir is sinne deaġ‐ċuṁraċt Ċríost ar son Dé do’n dream atá d’á slánú, agus do’n dream atá d’á ndamnú; 16do ḋream aṁáin cuṁraċt ó ḃás ċum báis, agus do’n dream eile cuṁraċt ó ḃeaṫaiḋ ċum beaṫaḋ. Agus cia an duine atá oireaṁnaċ le h‐aġaiḋ na neiṫe sin? 17Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.
Currently Selected:
2 Chum na gCoirinnteach 2: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.