YouVersion Logo
Search Icon

1 Chum na gCoirinnteach 8

8
1Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla. 2Má ṁeasann aoinneaċ go ḃfuil eolas ar aon niḋ aige, ní ḟuil eolas aige ar niḋ ar biṫ mar ba ċóir; 3aċt má tá gráḋ ag duine do Ḋia, is eolaċ dó an duine sin. 4Uime sin i dtaoḃ biaḋ d’iṫe atá íobarṫa d’íoḋalaiḃ, atá a ḟios againn naċ éinniḋ íoḋal ar doṁan, agus naċ ḃfuil ann aċt aon Dia aṁáin. 5Óir bíoḋ go ḃfuil neiṫe go dtugtar déiṫe orṫa ar neaṁ agus ar talaṁ; mar tá a lán déiṫe agus a lán tiġearnaí ann; 6mar sin féin n ḟuil againne aċt aon Dia aṁáin, an tAṫair, ó n‐a dtagann gaċ uile niḋ, agus sinne le n‐a aġaiḋsean; agus aon Tiġearna Íosa Críost aṁáin, tré n‐a ḃfuil an uile niḋ ann, agus sinne tríd‐sean. 7Aċt ní ḟuil an t‐eolas sin ag gaċ duine; óir atá daoine ann atá cleaċtuiġṫe ar an íoḋal, iṫeas a mbiaḋ mar ḃiaḋ íoḋbartar d’íoḋal; agus ó ṫárla a gcoinsias ḃeiṫ lag, saluiġtear é. 8Aċt ní molfar sinn i ḃfiaḋnaise Dé ar son biḋ; óir muna n‐iṫimíd ní miste sinn é, agus má iṫimíd, ní fearr‐de sinn é. 9Aċt taḃraiḋ do ḃur n‐aire naċ mbéaḋ an tsaoirse sin agaiḃ ’n‐a ceap tuisliḋ do’n dream atá lag. 10Óir má ċíonn aon duine ṫusa go ḃfuil eolas agat id’ ṡuiḋe ċum biḋ i dteampall an íoḋail, naċ neartóċar coinsias an té atá lag ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe? 11Agus de ċionn t’eolais‐se milltear an té atá lag, an bráṫair go ḃfuair Críost bás ar a ṡon. 12Mar sin de, ag peacú i n‐aġaiḋ na mbráṫar agus ag lot a gcoinsiais laig, is aṁlaiḋ ṗeacuiġeas siḃ i n‐aġaiḋ Ċríost. 13D’á ḃriġ sin, má ḃeir biaḋ aḋḃar scannail dom’ ḃráṫair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuisliḋ roiṁ mo ḃráṫair.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in