1 Chum na gCoirinnteach 7
7
1Anois maidir leis na neiṫiḃ gur scríoḃ siḃ ċugam ’n‐a dtaoḃ: Is maiṫ do’n ḟear gan baint a ḃeiṫ aige le mnaoi. 2Aċt ċum striapaċas do ṡeaċaint, bíoḋ a ḃean féin ag gaċ fear, agus bíoḋ a fear féin ag gaċ mnaoi. 3Taḃraḋ an fear a dual féin do’n ṁnaoi, agus taḃraḋ an ḃean an cóṁar ċéadna do’n ḟear. 4Ní ag an mnaoi atá ceannas a cuirp féin, aċt ag an ḃfear; agus ar an gcuma ċéadna ní ag an ḃfear atá ceannas a ċuirp féin, aċt ag an mnaoi. 5Ná h‐eitiġiḋ a ċéile, munab de ṫoil a ċéile é ar feaḋ tamaill, ċum go gcromfaiḋ siḃ ar urnaiġe, agus annsin tagaiḋ le ċéile arís, ar eagla go gcuirfeaḋ Sátan caṫú oraiḃ mar ġeall ar neaṁ‐ġeamnaiḋeaċt. 6Aċt ċeana, deirim an méid seo mar ḋeonú, agus ní mar órdú é. 7Is é rud dob’ ḟearr liom an uile ḋuine ḃeiṫ mar táim féin. Cia ar biṫ é, atá a ḃronntanas féin ó Ḋia ag gaċ duine, ag duine aṁáin ar an gcuma so, ar an gcuma úd ag duine eile.
8Adeirim leis na fearaiḃ naċ ḃfuil pósta agus leis na baintreaċaiḃ: Is maiṫ ḋóiḃ fanaṁain mar ḟanaim‐se. 9Aċt muna féidir leo smaċt do ċongḃáil orṫa féin, pósaidís; mar is fearr pósaḋ ’ná ḃeiṫ ar lasaḋ. 10Aċt do na daoiniḃ atá pósta, órduiġim‐se, aċt ní mise aċt an Tiġearna órduiġeas, gan an ḃean do scaraṁain le n‐a fear. 11Aċt má tá sí scarṫá leis, fanaḋ sí gan pósaḋ, nó réiḋtiġeaḋ sí le n‐a fear; agus ná cuireaḋ an fear a ḃean uaiḋ. 12Agus leis na daoiniḃ eile adeirim‐se, ní h‐é an Tiġearna é: Má tá bean naċ gcreideann ag bráṫair ar biṫ, agus má tá sise toilteanaċ ar ċóṁnaiḋe leis, ná tréigeaḋ seisean í. 13Agus an ḃean go ḃfuil fear naċ gcreideann aici, agus gur mian leisean cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt léi, ná tréigeaḋ sise é. 14Óir naoṁuiġtear an fear díċreidṁeaċ tríd an mnaoi, agus naoṁuiġtear an ḃean díċreidṁeaċ tríd an ḃfear: munarḃ é sin é, do béaḋ ḃur gclann neaṁ‐ġlan: aċt anois atáid glan. 15Aċt dá mba ṁian leis an duine gan creideaṁ imṫeaċt, imṫiġeaḋ sé. Ní ḟuil ceangal ar ḃráṫair ná ar ṡiúr ’n‐a leiṫéid sin de ċás: aċt is ċum síoṫċána do ġlaoḋ Dia sinn. 16Óir cá ḃfios duit‐se, a ḃean, naċ sáḃálfaiḋ tú t’ḟear? nó cá ḃfios duit‐se, a ḟir, naċ sáḃálfaiḋ tú do ḃean? 17Aċt siuḃalaḋ gaċ aoinneaċ do réir mar roinn Dia leis, de réir na garma fuair sé ó Ḋia. Agus is mar sin órduiġim‐se ins na h‐eaglaisiḃ uile. 18Má gairmṫear aoinneaċ atá timċeall‐ġearrṫa, fanaḋ sé timċeall‐ġearrṫa. Má gairmeaḋ aoinneaċ naċ raiḃ timċeall‐ġearrṫa, ná timċeall‐ġearrṫar é. 19Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé. 20Fanaḋ gaċ duine san ngairm ’n‐ar gairmeaḋ é. 21Ar gairmeaḋ ṫú id’ scláḃaiḋe ḋuit? Ná bíoḋ sé ’n‐a ċás ort; aċt má ḟéadann tú ḃeiṫ saor, bain leas as. 22Óir an té do gairmeaḋ san Tiġearna, bíoḋ gur scláḃaiḋe é, saoránaċ an Tiġearna is eaḋ é: ar an gcuma ċéadna an té fuair gairm agus é saor, searḃónta Ċríost is eaḋ é. 23Do ceannuiġeaḋ siḃ ar luaċ mór; ná biḋiḋ ’n‐ḃur scláḃaiḋṫiḃ ag daoiniḃ. 24A ḃráiṫre, fanaḋ gaċ duine agaiḃ i ḃfiaḋnaise Dé mar a raiḃ sé nuair fuair sé an ġairm.
25Anois i dtaoḃ na maiġdean, ní ḟuil aiṫne ó’n Tiġearna agam: aċt do‐ḃeirim mo ċóṁairle, mar ḋuine fuair trócaire ó’n Tiġearna ċum ḃeiṫ dílis. 26Is é ṁeasaim‐se, mar ġeall ar anró na h‐uaire, go mba ṁaiṫ do’n duine fanaṁain mar tá sé. 27An ḃfuil tú ceangailte le mnaoi? Ná h‐iarr ḃeiṫ scarṫa léi. An ḃfuil tú scarṫa le mnaoi? Ná h‐iarr bean. 28Aċt má ṗósair, ní ḟuil peacaḋ déanta agat; agus má ṗósann maiġdean, ní ḟuil peacaḋ déanta aici‐se. Aċt do‐ġeoḃaiḋ a leiṫéidí anró ó ṫaoḃ na feola; agus ba ṁaiṫ liom ḃur spáráil.
29Aċt is é adeirim‐se, a ḃráiṫre, go ḃfuil an t‐am d’á aiṫ‐ġearraḋ ’n‐a raiḃ siad‐san go ḃfuil mná aca mar ḃéidís gan mná; 30agus iad‐san do‐ġní gol mar ḃéidís gan ḃeiṫ ag gol; agus iad‐san do‐ġní gáirdeaċas mar ḋaoine naċ ndéanann gáirdeaċas; agus iad‐san ċeannuiġeas mar ḃéaḋ daoine gan sealḃaċas; 31agus ’n‐a raiḃ siad‐san ḃaineas úsáid as an saoġal so mar ḃéaḋ daoine naċ mbaineann úsáid go h‐iomlán as; óir atá gné an tsaoġail seo ag imṫeaċt ṫart. 32Aċt is é ba ṁian liom‐sa siḃ ḃeiṫ saor ó imniḋe. An té naċ ḃfuil pósta is iad neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna ḃíos mar ċúram air, d’iarraiḋ Dia do ṡásaṁ: 33aċt an té atá pósta, is iad neiṫe an tsaoġail seo ḃíos mar ċúram air, agus é d’iarraiḋ a ḃainċéile do ṡásaṁ. 34Agus atá deifir idir an ḃean ṗósta agus an ṁaiġdean. An ḃean naċ ḃfuil pósta, is iad neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna ḃíos mar ċúram uirṫi, d’iarraiḋ ḃeiṫ naoṁṫa san gcolainn agus san spiorad: aċt an ḃean atá pósta, is iad neiṫe an tsaoġail seo ḃíos mar ċúram uirṫi‐se, d’iarraiḋ toil a fir do ḋéanaṁ. 35Is ar ṁaiṫe liḃ féin adeirim an méid seo; ní h‐é go mba ṁian liom ceangal do ċur oraiḃ, aċt ċum ionnracais, agus ċum go gceangalfaḋ siḃ do’n Tiġearna gan seaċmall. 36Aċt má ṁeasann aoinneaċ naċ iomċuḃaiḋ ḋó leigean d’á ṁaigdin dul ṫar bláṫ na h‐óige, agus má’s gáḃaḋ é, déanaḋ sé mar is áil leis féin, ní ḟuil peacaḋ d’á ḋéanaṁ aige; pósaidís. 37Aċt an té atá lán‐dearḃṫa ’n‐a ċroiḋe istiġ, gan aon éigean ḃeiṫ ann, aċt ceannas ḃeiṫ aige ar a ṫoil féin, agus é ḃeiṫ de rún ’n‐a ċroiḋe aige a ṁaiġdean do ċoiṁeád gan pósaḋ, do‐ġní sé go maiṫ. 38Uime sin an té do‐ḃeir a ṁaiġdean le pósaḋ, do‐ġní sé go maiṫ, aċt an té naċ dtugann í le n‐a pósaḋ, is fearr do‐ġní seisean. 39Atá an ḃean fá ċeangal ċóṁ fada agus ṁaireas a fear; aċt má tá a fear marḃ, atá sí saor ċum an té is roġa léi do ṗósaḋ; aċt aṁain san Tiġearna. 40Aċt do réir mo ṫuairime‐se, do b’aoiḃniġe ḋi dá ḃfanaḋ sí mar tá sí; agus measaim‐se, leis, go ḃfuil Spiorad Dé agam cóṁ maiṫ le duine.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 7: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.