Psalm 99
99
XCIX Psalm.
1Ta Dia a Ríoġaċt, a’s críoṫnúġ
Bíḋ air a nuile ṡlóiġ;
Se ṡuiġeas idir na ċerubíniḋ,
’S an úir do ċriṫ gan ġó.
2A Sion ta’n Ti’arna mór,
Go hárd ós cionn gaċ náen;
3Ṫ’ainm uaṫḃásac molaidís súd,
Oir snáoṁṫa e don táem.
4Agus is ionṁuin le neart an Ríġ,
Fír‐ḃreaṫaṁnus go beaċt;
A nIácob breiṫeaṁnus a’s cóir,
Cuiriġ tu a ngníoṁ go ceart.
5An Ti’arna ár nDia árduiġiḋ,
A’s sleaċtuiġ ḋo go cáoṁ;
Ag stól a ċos go hurramaċ.
Oir ta se féin ro náoṁ’,
6Máois a’s Aáron a measg a ċléir,
A’s Sámuel ’measg an dream;
Goireas air ’ainm: ġláoiḋ siad air Ḋia,
A’s d’freagair iad san am.
7A nuaiṫne neóil do laḃair se ríu.
D’a ḟiaḋnuisiḋe do ġéil;
A’s na reaċta do ṫug se ḋóiḃ,
Níor raob siad le díṫcéil.
8Ċualaiġ tu iad a Ṫi’arna Dia,
’S tu nDia do ṁaiṫ a loċd;
Aċt díoġaltas rinnis orra fós,
Ar son a neasúṁlaċt.
9Ár nDia Iehoḃah árduiġiḋ,
A’s sleaċtuiġe ḋo do ġnáṫ;
Aig a ċnoc naoṁṫa; óir ’snaoṁṫa,
Ár dTiġearna Dia go bráṫ.
Currently Selected:
Psalm 99: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.