YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 98

98
XCVIII Psalm.
1Cánuiḋ don Tiġearna cáintic nuaḋ,
Oir bearta móra rinn;
A láṁ ḋeas do rinn tarṫáil,
A’s a raiġ náoṁṫa sin.
2Do ċuir an Tiġearna a núṁail,
Furtaċd a ṡlainte ṁóir;
A raḋarc na gcineaḋaċ’ noċt se,
A ḟíréuntaċt le cóir.
3Ḟírinne ’sa ṫrócaire fós,
Ċúiṁniġ do ṫiġ Isráel;
Teórann na talṁan ċonncadar,
Slánúġ’ ar nDé fáoi ċéil.
4Don Ti’arna Dia luaṫġáire déan,
Le fuaim an uile ṫír;
Déan fuaim taiġiúr a’s gáirdeaċas,
Le cána psalm do ṡíor.
5Don Ti’arna cóṁ’ċtaċ mór a ḃfeart,
Cánuiġ air ċláirsiġ ḃinn;
Leis an gcláirsiġ seinniḋe ḋo fós,
Le guṫ na salm go grinn.
6Le fuaim an ċornet seinniġe ḋo,
’S le guṫ an ḃuaḃuil áird;
Do Ḋia, an Ríġ seinniḋe‐se fós,
Le gáirdeaċas gan ċáird.
7Béiceaḋ an ḟairge ṁór go borb,
’S a hiomláine go léir;
An doṁan a’s gaċ dúil a tá,
Na gcoṁnuiḋe fáoi an spéir.
8Buailidís na haiṁne a mbas’,
’S bioḋ áoiḃneas air gaċ beann;
A láṫair Dé óir ta se teaċt,
Do ḃreiṫníuġaḋ an doṁain.
9Le ceartas maiṫ ḃeir se amaċ,
Breiṫ air an gcruine ċé;
A’s air na poibleaċaiḃ maráon,
Le cóṁṫrom fiór‐ġlan ġlé.

Currently Selected:

Psalm 98: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in