Psalm 69
69
LXIX Psalm.
1Saorsa mise a Dhia mo neirt,
Oir dhoirt tu tuilte orm;
A’s tháinic fos ár m’anam bocht,
Na huisgeadha le toran.
2A lathuigh dhomhuinn ta me sáit,
Gan áit le seasfainn ann;
Le huisgibh domhuin ghlacadh mé,
A’s sruth dul thar mo cheann.
3Taim toirseach om ghlaodhach, a’s ta,
Mo scórnach tirm le tart;
Mo shuile ta ag dorchughadh,
’Feitheamh ár Dhia na bhfeart.
4Is líonmháre ’na folt mo chinn,
Lucht m’fuath lér bháil mo chlaoidh;
Air mbeith dóibh dhamh go héugcórach,
Na naimhde tréun gach laoi.
Sin an nidh nar fhuaduigh leam,
D’aisig me uaim go beacht:
5Dhia, is feasach dhuit m’amaideacht,
Ni foluighthear ort mo locht.
6Naire air mo sgath ’Dhé, na léig,
A Thighearna na slóigh;
Air neach air bith don aicme úd,
Ta ’feitheamh ort gach ló:
An drong ud a Dhia Isaraél,
A iarras thu gan ghó;
Na leigse naire orra choidh’,
Na masladh as mo thréoigh.
7Oir d’fuil’ngeas masladh air do sgáth,
Lionadh mo ghnuis le náir’;
8Dom bhraithribh is fear coigrigh me,
Cóimhtheach do chlainn mo mh’ár.
9An t’eud bhi agam ár do theach,
D’ith se, is chnáoidh me suas;
An toibhéim fós do thug siad dhuit,
Go tiugh thuit orm anuas.
10Tráth rinne me gul m’anam do throisg,
Do mhasluigh siad mo ghníomh;
11Tráth chuir me umam eadach saic,
Ball maguidh rinneadh dhiom.
12An drong do shuidheas annsa gheat’,
Cúis chómhráigh me gach lá;
A’s aig lucht meisge agus póit,
Am’ abhran tháim do ghnáth.
13Acht mise, ta m’urnuidhe chú’d a Dhe,
A nuair is taitneamhach leat;
Eist riom a Dhé, tre mhead do ghrás,
Led’ chobhair fóir go ceart.
14Ó’n lathuigh sáor mise a Dhé,
Chum go nách rachfuinn síos;
Ó lucht mo mhíorúin teasárg mé,
O dhoimhneacht uisgeadh níos.
15Na teaghadh thormsa tuilte uisg’,
’S na sluigeadh doimhneas mé;
An slocht da ndruideadh ormsa ’bhéul,
Go hiomlan chum mo chláoidh.
16Eist riom, o Dhia, oir is maith do ghrás,
Fill orm le trócáre mór;
17Do ghnuis na ceil ár d’oglach féin,
Eist leam a’s me fuidh bhrón.
18Dhia druid re m’anam a’s fuasguil é,
Sáor me óm’ naimhdibh thréun;
19Mo mhasladh, m’easurruim, ’s mo, náir,
Dob’ aithne dhuit go léir.
20An tachmhusán do bhris mo chróidhe,
D’fag súd me iargnódhach;
D’iar me lucht truadhis a’s cómhfhurtacht,
A’s dhíobh ni bhfuaireas neach.
21Mar bhiadh do thug siad domblas damh,
Chosg m’iota thug fíngéur;
22Mar dhul go raibh a mbórd ’s mar rib,
A searbhas sud go léir.
23Gan leirgios biodh a súile dall,
’Sa leasrach ’ghnath air crioth;
24Doirt orra th’fearg ’s le corruidhe ghéur,
Gréam iad gach am air bith.
25Mar fhásach lom gan áitreabhadh,
Go raibh a sgith ’sa tteach;
’S na náruis arda mar an chcéadn’,
Cómhnuidhe na gabhadh neach.
26Oir leanadar le fóiréigneadh,
An ti do buaileadh leat;
A’s labhradar chum doilghios mhóir,
Don druing a rinn tu lot.
27Cuir urchóid air urchóid ’s na léig,
A’d’ cheartas iad a steach;
28As leabhar fós na mbeó, gu tur,
Sgriostar iad súd a mach.
Is maille ris na fíréunaíbh,
An druing ta náomhthá fíor;
Agus a náreamh dháoine cóir,
Na sgriobhthar iad do shíor.
29Acht mise ata bua’rtha bocht,
A’s lan do bhrón faráor;
Tógadh do shláinte mise a nárd’,
’Dhé go grásamhuil cáoin.
30Le cáintic bhinn síor‐mholfuigh me,
Deagh‐ainm mo Dhé gach lá;
Sa chlúdhsan fós sior‐thogthar liom,
Le buidheachas go hárd.
31Is fearr leis an Tighearna súd go mór,
Na tairbh ta adharcach;
’S na iodhbhárt fós do bhearfadh neach,
Do bhulóig ionganach.
32Na dáoine séimh tráth chí siad so,
Bion áoibhinneach ait go leór;
A’s biaidh bhur ccroidhse beó go bráth,
Ta ’giarruigh Dé na nglóir.
33Re bochtuibh eistfidh Dia ’s ni dhéan,
Táir ár na bráighdibh truagh;
34Gach nidh chorruighionn molfuidh é,
Air neamh, air tir, no cuan.
35Oir bailte Iúdah tógfuidh Dia,
A’s sáorfar Sion léis;
Chum go realbhóghfaidh í go buan,
Da háitriughadh gan cheist.
36Do shliocht do sheirbhisigh go fíor,
A’s oighreacht dhilios í;
’San dream do thug dod ainmsa grádh,
Síor‐chómhnuidhe innti ghnídh.
Currently Selected:
Psalm 69: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836