Psalm 68
68
LXVIII Psalm.
1Nois eirghiodh Dia, a’s sgaoiltear leis,
A naimhde móra tréun;
Gach neach thug fuath dho féin ’s da reacht,
Grad‐theitheadh uaidh a ccéin.
2Mar dheatach seachad fuaduighior iad,
Mar leaghas teine céir;
Mar sin sgriosdar droch‐dhaoine as,
O fhiadhnuise Dé go léir.
3Acht suilbhear go raibh na fíréin ceart,
As ait a lathuir Dé;
Ro shúgach aighearách maraon,
Go raibh siad féin gach ré.
4Seinnidhe do Dhia, ’s da ainm naomhth’,
Togaidh Sailm chéolmhar dho;
Do mharcuigh ár na speuruibh glan,
’Réir Iah a ainm gach lo.
5Do dhilleachtuibh is athár Dia,
’S do bhaintreachuibh gan neart;
Ta se a ttigh a naomhthacht féin,
Na bhreitheamh díreach ceart.
6A’s cuirfidh Dia a tteaghlachuibh,
An dream ta uaigneach truagh:
Is saorfuidh se go trócáreach,
Da bhfhuil a ccuibhreach chruaidh.
Ach an drong ’bhios go héaccórach,
Re ceannárc a’s re locht;
Do ghnidh siad cómhnuidhe bhunáiteach,
A bhfearann thirim bhocht.
7Air cheann do shluaigh tráth d’ímthigh tu,
A Dhe, san bhfásach chruaidh;
8Chriothnuigh an talamh a’s shil an spéir,
A lathair Dé na sluagh.
Sliabh Shinai fein ta daingion ard,
Do chriothnuigh se go mór;
A lathair De, Dia Isaréil,
Ta urrainach a nglóir.
9Do shil tu fearthuinn ’nuas go leór,
A Thighearna ár an ccrích:
Ler shocruigh as ler fhurtuigh tu,
Air th’oighreacht as a díth.
10Do bhi do chóimhthional ’s do shlúagh,
Na ccómhnuidhe innté ’Dhé;
Dod’ mhaitheas rinn tu deasughadh,
Dod dhaoinibh bochta féin.
11An Tighearna ta láidir tréun,
Do léig se guth amach;
’S a bhuidhin, sin do shoisgéul é,
Budh lionmhar iomarcach.
12Righthe na narmáil a’s na sluagh,
An sin go grad do theith;
’S a bhantrach aig an mbaile d’fan,
Do bhidh a roinn na creich.
13Gidh measg branradh sibh do luigh,
Biaidh sibh mar choluim luath;
Ar sgiath mar airgead dealruidh‐the,
’S ór is deirge snuadh.
14Trath sgaoil Dia uile chumhashach,
Na righthe innti a steach;
Do bhi si geal mar Shalmon ard,
’Sí uile lan do shneacht.
15An sliabh úd Dé, is amhluidh,
Mar Bhasan measg na mbeann;
Mar Bhasan mór is amhluidhe é,
Go hárd a thoig a cheann.
16Cread fa língthidhe a bheanna árd?
Se so ard‐thúlach Dé;
A mian leis sgith, is biaidh se,
Na chómnuidhe an gach ré.
17Ta carbaid Dé na bhfithchid míl’,
Do mhílte ainglibh tréun;
’Na theampol naomhtha Dia na measg,
Ionann ’s na Shinai féin.
18Do chuaidh tu suas air ionad ard,
Thugais bruid ’mbraighdeanas;
Do dhaoiné fuair tu tiodh‐lacadh,
Le ndéan tu toirbheartas.
’S an ccéadna fos don mhuintir úd,
Ro cheanairceach atá;
Do chum go mbiodh Iehobha Dia,
Na chómhnuidhe aca do ghnáth.
19Diá, go ma beannuidhe é do shíor,
Ta dortadh oruinn gach ló;
A thiodhlaca ’s e Dia ar sláint,
An Dia choimhead sinn beó.
20Is linn an Dia ta laidir tréun,
Gnidh slánúgh’ ann ’sgach cás;
Do Dhia Iehobhah bhainean fós,
Saorsa ó shlighe an bháis.
21Acht ceann naimhde brisfidh Dia,
A’s cloigion greannach cruaidh;
An fhir a imthighios go dian,
’Na chionta féin gach uair.
22O bhásan bhéar mo phobal ’n os,
Do labhair Dia na bhfeart;
O iochtar fos na fairge ’rís,
Do bhearfad iad go ceart.
23Do chum a bhfuil do namhuid ghéur,
Do chos go ndeantar dearg;
’S go ttomfar fos san bhfuil sin fein,
Teangtha do mhadraidh garg.
24Do thriallsa chonairc siad a Dhé,
A Thighearna ro chaóimh;
Se triall mo Thighearna a’s mo righ,
San ann‐sa nárus naomh.
25Lucht abhráin dimthigh siad air ttus,
Lucht inneil chiuil a rís;
’Na measg ag bualadh tiompáin fós,
Na maighdeana do bhí.
26Deanuidhse Dia do bheanúghadh,
’Nbhur ccóimhthional le chéil’;
Eadhón, Iehobha, Dia na bhfeart,
O thiobraid Isaraél.
27Sud Beniamin beag, a’s an Triath,
Cinnfeadhna Iuda chí;
Le lucht a ccómairle, Shebulon,
A’s flaithe Naphtaluidhe.
28Do Dhia se d’aithin ’s d’órduigh dhuit,
Do neart a’s fós do threóir;
An gniomh a rinnios air arson,
Neartuigh a Dhe na nglóir.
29Arson do theampoil náomtha Dhe,
Ta aig Ierusaleim;
Do bheir na righthe ta fa ccuairt,
Deagh‐thiodhlaca dhuit féin.
30Tabhair achmhusan do lucht na sléagh,
A’s do bhuidhin mór na ttarbh;
Do laoghuibh fos an phobuil úd,
T’úir achmhusan go garbh.
Go nuig le míribh airgid dhuit,
Go ngeillfidh siad fád smacht;
Sgaoil thusa an pobal úd a Dhé,
Do ghabhann cogadh tlacht.
31Ón Eigipt tiocfuigh prionsuidhe ’mach,
’S ghnidh Etiopia mór;
A lamha shinneadh amach go luath,
Chum árd‐Thríath na nglóir.
32O rioghachta an domhain mhóir,
Seinnidhe do Dhia go grínn;
Don Dia as righ ’sas Tighearna ann,
Seinnidhe moladh go binn.
33Don mharcach ard ár neamh na neamh,
Ta ann o aimsir chéin:
Féuch ta se ’cur amach a ghuth,
A ghuth ta laidir tréun.
34Sior‐tuguidhe neart do Dhia, oir ta,
A ghloir thair Isaraéil;
’S a neart ata ’s na neamhuibh árd,
’S a néulaibh tiugh na spéur.
35’Dhia ta uathbhasach urramach,
As t’ionad naomhtha réidh;
Dia Israél bheir neart da shluagh,
Dia, go ma beannuidhe é.
Currently Selected:
Psalm 68: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836