Na Sailm 64
64
Salm 64.
Exaudi, Deus.
1Éist le mo ghlór, a Dhia, im urnaí: cumhdaigh mo bheatha ó eagla mo namhad.
2Folaigh mé ón gcomhthionól claon: agus ó éirí amach lucht an oilc.
3A chuir faobhar ar a dteanga, mar chlaíomh: agus a scaoileas a saigheada, mar tá, focail scarbha.
4Go scaoile siad os íseal leis an té tá foirfe: is tobann a bhuaileas siad é, agus ní bhíonn eagla orthu.
5Bíonn siad á neartú féin chun oilc: agus tráchtann siad le chéile conas a chuirfeas siad dola, agus deir siad nach bhfeicfidh aon duine iad.
6Bíonn urchóid acu á cumadh agus á cur i ngníomh: agus bíonn sé i modh rúin eatarthu féin, gach duine i ndoimhneacht a chroí.
7Ach scaoilfidh Dia go tobann saighead lúfar leo: ionas go ngoinfear iad.
8Go deimhin, tabharfaidh a dteangacha féin orthu titim: ionas go mbeidh an té a fheiceann iad ag fonóid fúthu.
9Agus déarfaidh a bhfeiceann iad, Gníomh Dé an gníomh seo: óir aithneoidh siad gurab i a obair í.
10Beidh an Tiarna mar ábhar lúcháire ag an bfíréan, agus is sa Tiarna a chuirfeas sé a dhóchas: agus beidh áthas ar lucht an chroí fhír.
Currently Selected:
Na Sailm 64: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965