Na Sailm 63
63
Salm 63.
Deus, Deus meus.
1A Dhia, is tú mo Dhia: is luath a rachaidh mé dod iarraidh.
2Tá dʼíota ar mʼanam, agus tá mʼfheoil faoi chumha i do dhiaidh: i dtír thirim thur gan toradh gan tobar.
3Is amhlaidh a bhíodh mo shúil leat sa sanctóir: mar i ndúil is go bhfeicfinn do chumhachta is do ghlóir.
4Óir is fearr do charthanacht ghrámhar ná an bheatha féin: beidh mo bheola ag seinm do mholta.
5Le mo shaol beidh mé do do mhóradh ar an modh sin: agus ardóidh mé mo lámha i dʼAinm.
6Sásófar mʼanam, mar a bheadh le smior agus le saill: nuair a sheinnfeas mo theanga do mholadh go binnbhéalach.
7Nár chuimhnigh mé ort i mo leaba luí: agus nach ort a smaoinigh mé agus mé i mo dhúiseacht?
8De bhrí go mba tú mo chúntóir: dá bhrí sin beidh áthas orm faoi scáth do sciathán.
9Tá mʼanam i do mhuinín: chosnaíodh do lámh dheas mé.
10Ach an dream a bhios le haimhleas mʼanama: rachaidh siad faoin gcré.
11Titfidh siad le béal an chlaímh: déanfar bia sionnach diobh.
12Ach beidh Dia mar chúis lúcháire ag an rí; molfar an dream a thugann mar mhionn é: óir dúnfar béal lucht inste na mbréag.
Currently Selected:
Na Sailm 63: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965