Na Sailm 57
57
Salm 57.
Miserere mei, Deus.
1Bíodh trócaire agat orm, a Dhia, bíodh trócaire agat orm, ós asat atá dóchas mʼanama: gheobhaidh mé dídean faoi scáth do sciathán, go n‑imí an tíorántacht seo tharainn.
2Glaofaidh mé ar an Dia is Airde: ar an Dia céanna a dhéanfas an chúis atá idir lámha agam a chur i bhfeidhm.
3Cuirfidh sé síos ó neamh: agus tabharfaidh sé slán mé ó aithis an té atá ar tí mo shlogtha.
4Cuirfidh Dia amach a thrócaire agus a fhírinne: tá mʼanam sa i measc na leon.
5Táim i mo luí i measc clann na ndaoine, a chuaigh trí thine: bíonn sleánna agus saigheada acu mar fhiacla, agus claíomh géar acu mar theanga.
6Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na neamh: agus éiríodh do ghlóir os cionn an talaimh uile.
7Chuireadar líon roimh mo chosa, agus is íseal a thuga dar mʼanam: thochladar poll romham, agus thiteadar féin ina lár.
8Is daingean mo chroí, a Dhia, is daingean mo chroí: beidh mé ag cantaireacht agus ag seinm do mholta.
9Dúisigh, mo ghlóir; dúisígí a chruit ʼs a chláirseach: is luath luath a bheidh mé féin i mo dhúiseacht.
10Tabharfaidh mé buíochas leat, a Thiarna, i measc na gciníocha: agus beidh mé ag cantaireacht duit i measc na náisiún.
11Óir bíonn méid do thrócaire chomh hard leis na neamha: agus sroicheann dʼfhírinne go dtí na néalta.
12Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na neamh: agus éiríodh do ghlóir os cionn an talaimh uile.
Currently Selected:
Na Sailm 57: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965