Na Sailm 56
56
Salm 56.
Miserere mei, Deus.
1Bíodh trócaire agat orm, a Dhia, óir bíonn an duine ag iarraidh mé a shlogadh: bíonn sé gach lá ag troid, agus ag cur buartha orm.
2Níl lá nach mbíonn mo naimhde ag déanamh a ndíchill le mo chraos‑slogadh: óir is iomaí duine atá ag troid im éadan, a Dhia is Airde.
3Ach ina dhiaidh sin, cé go mbíonn eagla orm ar uaire: is asat a bhíonn mo dhóchas.
4Molfaidh mé Dia, ar son a bhriathair: chuir mé mo dhóchas i nDia, agus ní heagal liom a ndéanfadh fuil agus feoil orm.
5Níl lá nach mbaineann siad míthuiscint as mo bhriathra: ní smaoiníonn siad ach ar an dochar a dhéanfaidh siad dom.
6Bíonn siad ag teacht le chéile, ag dul i bhfolach romham: téann siad ar mo lorg, agus cuireann siad luíochán roimh mʼanam.
7An dtabharfaidh a n‑urchóid slán iad: i do dhíbheirg, a Dhia, cuirfidh tú ar lár iad.
8Bíonn mo sheachráin siúil á gcuntas agat; cuir mo dheora isteach i do bhuidéal: nach bhfuil na nithe seo uile breactha agat i do leabhar?
9Chomh minic agus a ghlaoim ort, cuirfear an ruaig ar mo naimhde: tá a fhios sin agam; ó tá Dia ar mo thaobh.
10Is é briathar Dé mo chúis lúcháire: as briathar Dé a bhainfeas mé sólás.
11I bhfírinne, tá mo dhóchas curtha i nDia: ní heagal liom a ndéanfaidh an duine orm.
12Is duitse, a Dhia, a chomhallfas mé mo mhóideanna: is duitse a thabharfaidh mé buíochas.
13Óir is tú a dʼfhuascail mʼanam ó bhás, agus mo chosa ó thitim: ionas go siúlad os coinne Dé faoi sholas na mbeo.
Currently Selected:
Na Sailm 56: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965