Na Sailm 125
125
Salm 125.
Qui confidunt.
1An drong a chuireas a muinín sa Tiarna, beidh siad mar shliabh Shíóin: nach féidir a chorraí, ach a bhíos ina sheasamh daingean go deo.
2Bíonn na cnoic ina seasamh timpeall Iarúsalem: is ar an nós chéanna a bhíos an Tiarna ina sheasamh timpeall a phobail, anois agus go brách.
3Óir ní fhanfaidh fearann an fhíréin faoi shlait an fhir oilc: ar eagla go gcuirfeadh na fíréin a lámha in urchóid.
4Déan maith, a Thiarna: do na deadhaoine agus do dhrong an chroí fhír.
5Ach an dream a fhilleas faoi dhéin a n‑oilc féin: beidh an Tiarna á dtiomáint amach i gcuideachta lucht na míghníomhartha; ach beidh an tsíocháin ar Iosrael.
Currently Selected:
Na Sailm 125: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965