Na Sailm 124
124
Salm 124.
Nisi quia Dominus.
1Murab é go raibh an Tiarna é féin ar ár dtaobh, féadann Iosrael a rá anois: murab é go raibh an Tiarna ar ár dtaobh, nuair a dʼéirigh na daoine inár n‑aghaidh;
2Bhíomar slogtha beo ina gcraos: le méid a bhfíocha agus a bhfeirge linn.
3Bádh sinn gan amhras sna huiscí: chuaigh an sruth thar ár n‑anam.
4Chuaigh uiscí domhaine lucht an díomais: tharainn go fiú ár n‑anama.
5Ach moladh leis an Tiarna: nár lig leo sinn mar chreach dá bhfiacla.
6Tháinig ár n‑anam slán mar thagann an t‑éan as dol an fhiagaí: bristear an dol, agus táimid fuascailte.
7Is é Ainm an Tiarna ár gcúnamh: Ainm an Té a rinne neamh agus talamh.
Currently Selected:
Na Sailm 124: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965